Dul chun cinn déanta ag mná ach tá bealach le taisteal fós
Is iomaí athrú ar shaol na mban ó aimsir ár sinsear, a deir Sorcha Ní Dhubháin, ach tá constaicí agus míthuiscint ann go fóill, go háirithe i gcúrsaí sóisialta agus gnéis
Laghairt. Sin an feisteas a roghnaigh mo neacht le caitheamh Oíche Shamhna. Cheistíos mo dheartháir lá amháin ar phioc sé féin nó a bhean chéile na héadaí san amach di. Nope, roghnaigh sí an rigout san í fhéin.
Sa siopa, shiúil sí díreach thar ghúna an bhanphrionsa agus phioc sí suas feisteas na laghairte bige.
Thaitin na spící léi. Chuir sé seo ag smaoineamh mé faoi stádas mná sa lá atá inniu ann.
Fadó bhí tionchar ollmhór ag an séipéal Caitliceach orainn. Bhí an tseansochaí Éireannach i bhfad níos coimeádaí go ginearálta. Is socrú i bhfad níos praiticiúla a bhí sa phósadh.
Phós mná ar son cúrsaí slándála, chun cruth cinnte a chur ar a dtodhchaí. Chuir an fear bia ar an mbord agus le chéile thugadar leanaí ar an saol.
D’fhan an bhean sa bhaile agus thug sí aire do na leanaí. Ansan thug na leanaí aire don mháthair agus athair nuair a bheidís féin críonna.
Bhí cinnteacht agus ciorclaíocht ag baint leis an saol seo. Inniu, is sochaí fíor-oscailte atá againn ó thaobh an róil agus na feidhme atá ag an dá ghnéas.
Tá ról na mban tar éis athrú go mór ón tslí a bhíodh sé. Tá Éire tar éis forbairt i gcúrsaí cultúrtha, sóisialta, eacnamaíochta agus gnéis leis. Tá stádas difriúil ag mná, iad fostaithe i ngach post ina bhfostaítear fir.
Tá mná an-fheiceálach sa saol proifisiúnta. Níl mná ag brath ar fhir chomh mór is a bhíodar le haghaidh airgid agus dá bharr, níl an bhéim chéanna ar phósadh.
Tá fir díreach chomh maith ag cúrsaí tí. Fanann mná agus fir go deimhin níos déanaí chun pósadh. Ní chaithfidh buachaillí gorm a chaitheamh, ná cailíní bándearg, a thuilleadh.
Tá níos mó cothromaíochta idir an dá ghnéas. Bhí conspóid, coimhlint agus crá croí ag baint leis an gcothromaíocht seo a bhunú, áfach.
Tuigtear go raibh trí ghluaiseacht sa réabhlóid fheimineach. An chéad ghluaiseacht, mhair sí ón naoú haois déag go dtí luath sa bhfichiú haois. An dara páirt den réabhlóid fheimineach, thosnaigh s sna seascaidí agus seachtóidí i Meiriceá.
Glactar leis gur thosnaigh an tríú tonn sna nóchaidí agus go deimhin, tá sí fós ag leanúint ar aghaidh inniu.
Sa chéad “tonn” feimineachais bhí mná ag ceistiú an tslí go rabhadar fágtha amach as an saol oibre agus an saol polaitíochta. Ghnóthaigh mná Éireannacha cearta iomlána vótála i 1928. Sa dara cuid den ghluaiseacht bhí mná ag troid níos mó ar son cearta sóisialta agus cultúrtha.
Ag croílár na gluaiseachta seo bhí an smaoineamh gur bhain mná taitneamh as gnéas agus go raibh riachtanaisí gnéasacha ag mná.
Dhearbhaigh feiminigh go raibh na riachtanaisí gnéasacha céanna ag mná singil. Theastaigh uathu go mbeadh an tsaoirseacht chéanna acu i dtaobh cúrsaí gnéis agus a bhí ag éinne eile sa tsochaí.
Sna seachtóidí in Éirinn d’imigh grúpa ban a bhí mar bhaill de Ghluaiseacht Shaoirse na mBan in Éirinn ar thraein go Béal Feirste chun frithghiniúnaigh a thabhairt isteach sa tír. Bhí an piolla lárnach sa ghluaiseacht. Bhí mná ag déanamh deighilt chinnte idir gnéas agus athghiniúint.
Chuir an piolla an teoiric os comhair an phobail go bhféadfadh mná sásamh a bhaint as gnéas. Thaispeáin sé go raibh suim ag mná i ngnéas mar ghníomhaíocht phléisiúrtha in ionad dualgas a bhí orthu mar bhean chéile “mhaith”.
Is dócha ag an am go raibh an smaoineamh seo fíorréabhlóideach. Lean an tríú tonn feimineach ar aghaidh ón dara tonn agus é fós ar siúl inniu. Fiú inniu measaim go gcothaíonn cúrsaí ban agus gnéis an-achrann.
Údarás san earnáil polaitíochta agus cearta vótála do mhná, sin rud amháin —ach údarás i gcúrsaí gnéis sin rud eile. Fós tá an corp fisiciúil baininscneach ag croílár ualach mór coimhlinte agus conspóide.
Faoi láthair tá an t-ochtú leasú mar chnámh ollmhór spairne. Tá dream amháin ag troid ar son cearta ban a rogha féin a dhéanamh ó thaobh a gcoirp agus aon saol a fhásann istigh ann. Tá siadsan ag lorg aisghairme ar an ochtú leasú.
An cleas eile, tá siad ag iarraidh go bhfágtar an t-ochtú leasú mar atá agus go mbeadh ginmhilleadh mídhleathach.
I gcomparáid le ré mo mháthar críonna cinnte tá an ról atá ag mná difriúil anois. Nuair a thagann sé chuig cúrsaí leabaidh tá na steiréitíopaí céanna ann áfach. Nuair a ghlacann mná úinéireacht ar ghnéas éiríonn daoine míchompordach.
Cé go bhfuil mná tar éis poist a thógaint sna rólanna is tábhachtaí ar domhan, Máire Mhic Róibín agus Sonia Gandhi mar shampla, is eisceachtaí iad na cásanna seo.
Is síleáil ghloine é go proifisiúnta d’fhormhór na mban chun barr a jab a bhaint amach. Sa tír seo bhí orthu cuóta a thabhairt isteach chun líon na mban sa Dáil a mhéadú.
Cuireadh iachall ar gach páirtí polaitíochta a chinntiú hur mhná a bheadh i 30% ar a laghad de na hiarrthóirí don olltoghchán.
Tá roinnt den bhóthar taistealta i dtaobh cearta ban. I dtaobh cúrsaí poist agus proifisiúntachta de tá go leor dul chun cinn déanta.
Tá go leor forbartha le déanamh fós go sóisialta agus i gcúrsaí gnéis, áfach.
Go pearsanta, is maith liom nuair a chastar na seanchoinbhinsiúin bunoscionn. Tá feisteas tógálaí ceannaithe agam do mo neacht Bróna d’Oíche Shamhna i mbliana. Ná bac le Bob the Builder, fostaigh Bróna the Builder! Seo mo réabhlóid fheimineach phríobháideach féin.