Gardaí ar thóir marfóra i gcás fear atá ar iarraidh
Tá na Gardaí ar tí cás faoi dhuine ar iarraidh atá á fhiosrú le cúig bliana anuas a athrú go fiosrúchán dúnmharaithe, a d’fhoghlaim Seachtain.
Tá sé sin le tarlú i ndiaidh éilimh ón Teachta Dála Martin Kenny go dtabharfadh Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána faoin bhfiosrúchán in áit na nGardaí, agus é ag maíomh nach ndearna na Gardaí aon teagmháil le sceithirí Garda sé mhí i ndiaidh dóibh eolas a roinnt.
D’iarr an Teachta ar an gCoimisiún sin a dhéanamh arís aréir.
Bhí Pat Heeran 48 mbliana d’aois nuair a d’imigh sé gan tásc gan tuairisc óna bhaile in Achadh an Mheasa i gContae Liatroma mí Dheireadh Fómhair 2011.
Mhaígh an Teachta Kenny sa Dáil gur dúnmharaíodh Pat Heeran agus go bhfuil brathadóir neamhoifigiúil de chuid na nGardaí ar dhuine díobh siúd a bhfuiltear in amhras fúthu mar gheall ar an dúnmharú.
Chas an brathadóir sin, atá sa phríosún faoi láthair, leis na Gardaí an tseachtain seo caite, a d’fhoghlaimíomar.
Bhí sé ar dhuine de na daoine deireanacha a chonaic Pat beo, ach níor cuireadh é féin ná leathbhádóir leis faoi agallamh riamh.
Dúirt Damien Brennan, duine muinteartha le Pat, go raibh a ghaolta ag súil le forbairtí nua sa chás agus go bhfuil siad sásta gur coinníodh ar an eolas iad faoi fhiosrúchán na nGardaí.
Rinne an Teachta Kenny líomhaintí faoi iompar na nGardaí ina thoghcheantar den chéad uair sa Dáil i mí na Bealtaine.
Dúirt an Roinn Dlí agus Cirt: “Fuair an Tánaiste comhfhreagras a bhaineann le cúrsaí póilíneachta i gceantar Liatroma agus freagróidh sí é in am trátha. Ní bheadh sé oiriúnach di trácht ar ábhar an chomhfhreagrais.”
Dúirt na Gardaí go dtabharfaidh Coimisinéir Cúnta tuairisc ar an gcás go luath.