Irish Independent - Seachtain

PRÓIFÍL LEATHANACH 2

- FIDEL CASTRO IAR-UACHTARÁN CHÚBA

Cé hé an fear cáiliúil a thug dúshlán na Stát Aontaithe? Is iomaí fear agus bean a bhí páirteach sa réabhlóid i gCúba ach is é Fidel a bhí ar thús cadhnaíoch­ta. Cailleadh Fidel ar an 25ú lá de mhí na Samhna agus tá an domhan mór ag amharc siar ar a shaol, dearfach nó diúltach — ach cérbh é? Rugadh é i mBirán, Oriente, ar fheirm cána siúcra a athar, imirceach as Galicia. D’fhoghlaim Fidel agus é ina mhac léinn in Ollscoil Havana faoi pholaitíoc­ht na heite clé agus bhí sé báúil le polaitíoch­t fhrithimpi­riúlachais. I ndiaidh dó a bheith páirteach in éirí amach sa Cholóim agus sa Phoblacht Dhoiminice­ach, mhothaigh sé go raibh sé thar am deireadh a chuir le smacht Fulgencio Batista agus rinne sé ionsaí in 1953 ar bheairic Mhoncada. Theip orthu ansin agus chaith sé bliain sa phríosún. Agus é ar a sheanléim thaistil sé go Meicsiceo agus bhunaigh sé Gluaiseach­t an 26ú Iúil lena dheartháir Raul agus an réabhlóidí iomráiteac­h Ché Guevara.

Ó réabhlóid go rialtas sóisialach? I mí na Samhna 1956, sheol siad trasna sa bhád an Granma le 81 réabhlóidí agus tháinig siad i dtír ag Los Cayuelos. Rinne arm Batista ionsaí orthu agus theith siad chuig an Sierra Maestra. De réir a chéile d’éirigh le Castro agus a arm smacht a fháil ar na bailte, ag baint leas as taicticí treallchog­aíochta Castro. In 1958 theith Batiste chuig an Phoblacht Dhoiminice­ach agus ba bhua mór a bhí ann. Ní i bhfad ina dhiaidh sin, ar an 16ú de mhí Feabhra 1959, ghlac Castro leis an Uachtarána­cht.

638 bhfeallmha­rú urraithe ag an CIA ar Fidel — cén fáth? Idir thodóga a phléascann, phheann nimhiúil, femme fatale agus 635 iarracht eile Castro a mharú, ach cén fáth? Rinne sé pá mhuintir Chúba a chothromú, ghearr sé cíos na mbochtán, d’oscail sé níos mó seomraí ranga, bhunaigh sé clár staidéir/oibre chun páistí óga bochta a mhealladh chun na scoile. Fosta, d’oscail sé ionaid sláinte faoin tuath agus ghlac sé isteach vacsaíniú riachtanac­h do pháistí. Agus an t-am ar fad bhí Meiriceá ag briseadh a gcos ag iarraidh é a mharú. Is deacair fírinne an scéil a fháil i gcónaí i measc na bolscairea­chta ar fad ach tá rud amháin cinnte — bhí tionchar mór ag Castro ar stair an fichiú haois.

Hasta Siempre i gcónaí, ach cad é atá romhainn anois? Is deacair a rá cad é atá i ndán do Chúba anois. Tá brú eacnamaíoc­hta ar an tír go fóill agus dúirt deartháir Castro go n-éireodh sé as in 2018. Cá bhfios cad é a tharlóidh leis an Trumpach i gcumhacht i Meiriceá ach is cinnte go bhfuil athruithe móra le teacht. Seo am iontach corraithea­ch don domhan ar fad.

— NAOISE Ó CAIREALLÁI­N

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland