Lúcháir orm bualadh leis an laoch Niall
Bhíos i Londain ag an deireadh seachtaine, áit ná rabhas mórán puinn chun an fhírinne a rá, b’fhéidir ceithre nó cúig bhabhta eile.
Bhí tábhairne an Claddagh Ring ag ceiliúradh cúig bliana is fiche agus fuaireas cuireadh a bheith mar aoi speisialta na hoíche in éineacht le Niall Quinn an t-imreoir sacair. B’e seo an leithscéal is fearr a bhí riamh ann dul go Londain!
Thugas ceann dos chomh maith go raibh an Corn Óir ar súil i Newbury agus dúirt le Rita go raibh orm an eitilt luath a thógaint ar eagla go mbeinn déanach — sin a dúirt pé scéal é!
Bhíos i Heathrow ag a 10.30 ar maidin agus amach liom go Newbury. Bhí réalta móra ann an lá seo ar nós Andrew Lloyd Webber agus James Nes- bitt ina measc ach ní raibh suim agam iontu, dheineas mo shlí chomh fada leis an bhfáinne.
Ní ró-fhada ina dhiaidh sin gur tháinig Barry Geraghty chugam. Bhí sé in an-form ach ní raibh sé ag fanacht, bhí sé ag rásaíocht san Uaimh an lá dár gcionn. Ba an trua é mar go mbíonn oícheanta maithe agam le Barry!
Isteach liom go Londain fhéin tar éis na ráiseanna agus bhíos ag an Claddagh Ring ag a naoi. Bhí an áit lán go doras — bhí sé chomh deas an oiread Gael a fheiscint ann, is dócha go raibh 700 ann! Bhíodar ann ó Pharóiste Múrach agus bhí gáire maith againn le chéile.
Le Facebook, Twitter, ríomhphoist is Skype, ní cheapas go mbeadh uaigneas ar na daoine seo toisc go bhfuil Londain chomh cóngarach dúinn — ach is cuma sin. Tá tú fós as baile, a dúirt duine acu liom, agus nuair a chuir sé mar sin chugam é thuigeas cad a bhí á rá aige.
Tháinig sé isteach i mo cheann, má bhí na leaideanna seo uaigneach conas a bhraith na daoine fadó?
Fé mar a dúirt bhí Niall Quinn ann ar an oíche agus ní dóigh liom go bhfuil fear chomh deas leis in aon áit. Seo ceann dos na réaltaí is mó a bhí againn agus bhí am aige do gach éinne a tháinig chuige. Gan dabht thosnaigh sé ag imirt le Arsenal agus tá ceangal millteach aige leis an gcathair seo i gcónaí.
Ní rabhas i Londain le sé nó seacht do bhlianta agus tá súil agam ná beidh sé chomh fada aríst. Is ana-chathair í agus tá an oiread dúinn ann go mbraitheann sé go bhfuil tú i mBaile Átha Cliath!