Irish Independent - Seachtain

Amhras ann faoi imreoirí na hÉireann

- GRÁINNE McELWAIN

Babhta a deich den tsraith Pro12 rugbaí a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo le Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean sa bhaile agus an Mhumhain agus Cúige Uladh ag taisteal ar an bhóthar.

San oíche Dé hAoine, imreoidh Glaschú agus an Mhumhain in aghaidh a chéile i Staid Scotstoun.

D’aimsigh an Mhumhain seacht n-úd sa bhua 46-3 in éadan Benetton Treviso agus iad ar bharr an tábla le 33 phointe.

Beidh le feiceáil an mbeidh mórán de na himreoirí idirnáisiú­nta ar ais ar an dá fhoireann ach dúshlán mór roimh Ghlaschú agus iad ag iarraidh cailliúint a sheachaint den tríú babhta as a chéile.

Spleodrach

Cuireadh tús spleodrach lena bhfeachtas le buanna maithe in aghaidh Chúige Chonnacht agus Chúige Laighean ach le dhá chluiche anuas níl ach ocht bpointe faighte acu sna cailliúint­í i gcoinne Scarlets (27-3) agus na Ospreys (22-5). Scrúdú géar rompu mar sin sa bhaile.

Dé Sathairn, feicfear Cúige Chonnacht in aicsean sa Sportsgrou­nd in aghaidh Benetton Treviso.

D’éirigh le Cúige Chonnacht bua 18-7 a ghnóthú sa bhaile in adharca Cardiff Blues i mbabhta a naoi, bua a bhí de dhíth go géar ag na seaimpíní agus iad 16 phointe taobh thiar ar chlár na bpointí.

Ba chóir go mbeadh an lá ag Cúige Chonnacht go háirithe mar go bhfuil Treviso ar íochtar an tábla le ocht gcluiche as naoi gcinn caillte acu.

Cuireadh an cluiche idir Cúige Uladh agus Zebre ar ceal an tseachtain seo caite mar gheall ar pháirc reoite in Kingspan Ravenhill agus beidh siad ag taisteal go páirc Cardiff Arms sa Bhreatain Bheag Dé Sathairn.

Seo cluiche a chaithfidh Cúige Uladh a bhaint agus iad tar éis sleamhnú go dtí an séú háit ar chlár na bpointí cé gur thosaigh siad an tsraith go maith.

Ba chóir go bhfeicfimi­d Chris Henry (ar dheis) ag imirt ina chéad chluiche ó gortaíodh a ghualainn sa samhradh agus gheobhaidh sé a 151ú caipín i ngeansaí Uladh dá bharr.

Cuirfidh Cúige Rugbaí Sraith Pro12 Dé hAoine: Glaschú v na Mumhan Scotstoun @19.35, beo ar TG4 agus BBC Alba Dé Sathairn Cúige Chonnacht v Benetton Treviso Sportsgrou­nd @15.00 Cardiff v Chúige Uladh BT Sport Cardiff Arms Park @17.15, beo ar Sky Sports Cúige Laighean v Newport Gwent Dragons

RDS @19.35, beo ar TG4 agus S4C Laighean fáilte roimh Newport Gwent Dragons san RDS sa chluiche deireanach ag an deireadh seachtaine.

Spiorad

Léirigh na Laighnigh spiorad chun pointe bónais a aimsiú in aghaidh na Scarlets an tseachtain seo caite, cluiche a chaill siad 38-29 agus iad ag imirt le 14 imreoir. Thiocfadh le Cúige Laighean dul go barr an tábla má fhaigheann siad bua anseo. Tharla sé anuraidh 37-13 agus ba chóir go dtarlódh sé arís agus na Dragons i dtrioblóid sa tríú háit ó bhun an tábla.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland