Irish Independent - Seachtain

Ceannródaí na haclaíocht­a ar lár

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

D’fhág Joe Lennon slán leis an saol seo cúig lá ó shin. Peileadóir ó Chontae an Dúin a bhí ann agus bhí sé ag imirt i lár na páirce ar fhoireann na bliana 1960. Bliain stairiúil a bhí ann mar ba é sin an chéad uair gur ghaibh an Dún Craobh na hÉireann sa bpeil sinsear.

Chuireadar péire eile leis sula raibh deireadh leis na seascaidí (’61 is ’68) agus glacadh leis gur sárdhream a bhí iontu agus labhraítea­r fós orthu aon uair go mbíonn trácht ar ‘shárfhoirn­e’.

Duine ar leith dob ea ‘Seosamh an Dúin’ agus ní ar a chuid cluichíoch­ta amháin a bhí a cháil ag brath. Bhí an t-ionad céanna ar an bpáirc aige i 1961 ach is mar leathchúla­í a bhí sé lonnaithe ar fhoireann chaithréim­each ’68 in aois a tríocha a ceathair.

Ach ní raibh sa chluichíoc­ht ach gné amháin dá shaothar i saol Chumann Lúthchleas Gael. Bhí a chroí ann ón dtosach agus mar scoláire thug sé aghaidh ar Choláiste Loughborou­gh Shasana, ionad léinn go raibh ardcháil agus meas air i gcúrsaí Corpoideac­hais agus Aclaíochta.

Thuig sé go luath gur chun leasa cluichí Gaelacha a bheadh ionchur ó dhaoine go mbeadh a leithéid de chúrsaí curtha díobh acu. Mhair an teoiric sin ina aigne agus croí go lá a bháis agus mar is léir ó chúrsaí traenála agus oiliúna na linne seo ba é fear an Dúin an ceannródaí.

Ní mór a thuiscint áfach nárbh éasca an saothar é a chur ina luí ar ard-údaráis CLG ins na seascaidí bheith i bhfabhar cúrsaí oiliúna a reáchtáil dóibh siúd go mbeadh suim acu iontu.

Bhí droch-amhras ann i dtaobh aon nidh go mbeadh blas nó boladh de ghairmiúla­cht ag baint leis. B’in é an chúis gur glacadh le rún ag Comhdháil CLG sa bhliain 1954 a chuir bac ar fhoirne teacht le chéile le haghaidh traenála i dteannta a chéile ar feadh tréimhse cúpla lá nó seachtaine.

Ach lean an Leannánach leis amhail Naomh Eoin Baiste agus i lár na seascaidí tugadh cead dó ‘cúrsa’ a reáchtáil i gColáiste Rinn Mhic Gormáin i gContae na Mí, áit a raibh sé fostaithe mar mhúinteoir corpoideac­hais. Bhí an síol i dtalamh ansin agus ag Comhdháil na bliana 1968 ritheadh rún ag moladh go n-eagródh CLG cúrsa oiliúna.

Is as san a tháinig an iliomad cúrsaí atá a n-eagrú go rialta ar fud na tíre i saol spóirt na ré atá linn anois, a bhuíochas san don gceannróda­í conspóidea­ch ó Chontae an Dúin.

Níl aon amhras ná gur chun céim níos airde ó thaobh scile agus aclaíochta de a bhí a aigne dírithe. Is chun é sin a threisiú a chuir sé roinnt leabhar le chéile ag liostáil agus ag cíoradh scileanna an chluiche.

Sea, ní raibh teora lena dhíograis agus bhí sé gníomhach leis an gclub áitiúil i Stamullan na Mí, áit inar chaith sé blianta fada ina chónaí lena bhean chéile agus a gclann.

Suaimhneas síoraí dá anam uasal.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland