Irish Independent - Seachtain

Seo an déagóir a d’aistrigh Game of Thrones go Gaeilge... agus é fós ar scoil!

- Le Katie McGreal

Tá an chéad leabhar sa tsraith chlúiteach Game of Thrones aistrithe go Gaeilge — ag déagóir a thosaigh an obair agus é ar scoil!

Thosaigh Oisín Ó Muirthile, atá anois 19 mbliana d’aois agus ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, á aistriú agus é ag staidéar don Ardteistim­éireacht i nGaelcholá­iste Luimnigh.

“Bhíos thuas sa seomra codlata agus shíl na tuistí go raibheas ag déanamh staidéir ar an gceimic nó a leithéid ach níorbh amhlaidh a bhí,” a deir Oisín.

“Shíleas i gcónaí go mbeadh sé anadheas Gaelainn a fheiscint ar leabhair fantaisíoc­hta agus a leithéid.”

Bhí suim aige sa tsraith leabhar Game of Thrones agus chaith sé thart ar bhliain go leith á aistriú leis féin.

“Rinneas giotaí ó am go chéile. Níor shuigheas síos leis an rud ar fad a dhéanamh toisc go raibh dualgais eile orm.”

Bhí ar Oisín roinnt téarmaí a bhaineann leis an tsraith seo a chumadh. Bhí air na focail ‘weirwood’ agus ‘direwolf ’ a aistriú go Gaeilge cé nach bhfuil a leithéid ann sa Bhéarla. Bhí air an-chuid téarmaí a bhaineann leis an gcogaíocht agus leis an arm a chumadh freisin.

Taighde

“Bhí orm an-chuid taighde a dhéanamh,” a deir sé. “Ní raibh na friotail agam, ní raibh an foclóir agam i gcomhair rudaí ar nós ‘breastplac­e’ nó ‘gauntlet’. Ní raibh na rudaí sin ar eolas agam ón ngnáthchai­nt nó ón scoil.”

Tháinig sé go pointe ina raibh an oiread sin den leabhar aistrithe ag Oisín gur bheartaigh sé é a thairiscin­t do chomhlacht foilseachá­in.

Thaitin an leabhar An Litir le Liam Mac Cóil a d’fhoilsigh Leabhar Breac leis agus shíl sé go raibh cúpla leabhar eile acu a bhí cosúil le Cluiche na Corónach. Mar sin sheol sé ríomhphost go Darach Ó Scolaí atá taobh thiar de Leabhar Breac le feiceáil an mbeadh spéis acu ann. Bhí, ach bhí próiseas fada ann le teacht ar chearta an leabhair. “Bhí costas mór ar an leabhar agus beidh sé deacair orainn é sin a fháil ar ais,” a deir Darach, “ach is cosúil go bhfuil daoine an-sásta leis.” Seoladh an leabhar i mBaile Átha Cliath agus deir na foilsitheo­irí go raibh díol iontach air — agus iad dóchasach go mbeidh díol iontach air don Nollaig freisin. Cheannaigh Emma Ní Chearúil atá ag obair le hÁras na nGael agus Raidió na dTreabh i nGaillimh an leabhar ag Oireachtas na Samhna i mbliana.

“Ní raibh sé ar intinn agam an leagan Gaeilge a cheannach — bhí mé beagán scanraithe aige, toisc gur leabhar sách trom é agus shíl mé b’fhéidir go mbeadh streachail­t agam leis nó go mbeadh orm é a léamh le foclóir le mo thaobh,” a deir sí.

“Ach ghéill mé, bhí suim agam an leagan a fheiceáil, na haistriúch­áin ar ainmneacha srl. a léamh. Agus taitníonn sé go mór liom.

Game of Thrones aistrithe go Gaeilge ag an déagóir Oisín ...agus thosaigh sé air

nuair a bhí sé ar scoil!

“Airím nach bhfuil sé chomh trom céanna as Gaeilge ar chúis éigin, cé go bhfuil stíl teanga álainn ann, agus tá sé dílis don mbunleagan freisin.”

Tá Oisín breá sásta na leabhair eile a aistriú go Gaeilge má bhíonn éileamh orthu. "Braitheann sé ar léitheoirí na Gaelainne anois,” a deir sé.

“Bhí sé an-chostasach don chomhlacht an leabhar a chur amach agus mura bhfuil éileamh ann dó ní fiú dóibh na cinn eile a dhéanamh.”

Tá cúig leabhar scríofa ag George RR Martin agus an séú sraith á scannánú faoi láthair in Éirinn.

Tá Oisín sa dara bliain de chéim sa Nua-Ghaeilge agus Luath-Ghaeilge. Seo an chéad saothar aistriúchá­in atá déan ta aige ar bhonn proifisiún­ta agus tá suim aige ann go fóill.

“Is maith liom an t-aistriúchá­n cruthaithe­ach,” a deir sé. “Is maith liom smacht éigin a bheith agam ar na rudaí atá mé ag aistriú, seachas aistriúchá­n oifigiúil agus dlíthiúil.”

 ??  ?? I mbéal an phobail: Réaltaí Chluiche na Corónach agus, ar dheis, an leabhar úr Gaeilge a d’aistrigh Oisín Ó Muirthile, thíos
I mbéal an phobail: Réaltaí Chluiche na Corónach agus, ar dheis, an leabhar úr Gaeilge a d’aistrigh Oisín Ó Muirthile, thíos
 ??  ?? Réalta: Emilia Clarke in Cluiche na Corónach, atá ar cheann de na cláir teilifíse is cáiliúla ar domhan
Réalta: Emilia Clarke in Cluiche na Corónach, atá ar cheann de na cláir teilifíse is cáiliúla ar domhan
 ??  ?? Draíochtúi­l: Emilia Clarke mar Daenerys Targaryen in Cluiche na Corónach
Draíochtúi­l: Emilia Clarke mar Daenerys Targaryen in Cluiche na Corónach

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland