Uachtarán ag tréaslú le lucht Duolingo Gaeilge
Chuir Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn fáilte roimh an seachtar rannpháirtithe a chruthaigh agus a d’aistrigh an cúrsa Gaeilge ar Duolingo in Áras an Uachtaráin.
Bhí imeacht speisialta á reáchtáil san Áras le haitheantas a thabhairt dóibh as an mhéid atá bainte amach acu don Ghaeilge.
Ó cuireadh an cúrsa Gaeilge ar fáil saor in aisce breis agus dhá bhliain ó shin, tá 2.3 milliún duine tar éis úsáid a bhaint as Duolingo le Gaeilge a fhoghlaim.
Mar thoradh air sin, tá an Ghaeilge i measc na ndeich dteanga is mó tóir ar Duolingo, agus formhór na bhfoghlaimeoirí nua lonnaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Ba mhaith le Conradh na Gaeilge comhghairdeas a ghabháil leis an seachtar rannchuiditheoirí as ucht an ghaisce éachtaigh seo a bhaint amach.
“De bharr a gcuid oibre, tá 2.3 milliún duine ag foghlaim na Gaeilge le dhá bhliain anuas; is toradh dochreidte é seo. Is féidir dea-thionchar an chúrsa Gaeilge a fheiceáil leis an ardú spéise inár gcuid oibre agus sinn ag cur na Gaeilge chun cinn in Éirinn agus thar lear.”
Dúirt Oisín Ó Doinn, Scoláire de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn agus rannpháirtí i gcúrsa Gaeilge Duolingo: “Is ardú meanma é domsa an oiread seo daoine a fheiceáil ag baint tairbhe as cúrsa Gaeilge saor in aisce agus mé ag obair air le dhá bhliain go leith anuas.
“Is fiú go mór an obair dhian, dhícheallach atá á déanamh againn nuair a fheictear an t-éileamh idirnáisiúnta atá ar an gcúrsa agus go bhfuil 3,000 duine nua á úsáid in aghaidh an lae.”