Ardú pá ‘de dhíth go géar ar na mílte oibrí in 2017’
Íoctar suas le 25% níos lú le hoibrithe san earnáil phríobháideach in Éirinn le hais oibrithe san Eoraip a léiríonn na figiúirí is deireanaí, agus tá ceannairí na gceardchumann ag éileamh ardú pá mór dá mbaill an bhliain seo chugainn.
Tuilleann oibrithe ar an Íosphá €9.15 in aghaidh na huaire faoi láthair,
agus méadófar é sin 10c in aghaidh na huaire ó mhí Eanáir.
Ach tá na ceardchumainn ag éileamh méadú 50c in aghaidh na huaire, agus €1,000 in aghaidh na bliana ar a laghad. Tá na héilimh sin chun cur leis an míshuaimhneas san earnáil phoiblí in 2017.
“Léirigh ár dtaighde nach bhfuil aon téarnamh geilleagrach ann do na mílte oibrí a thuilleann níos lú ná a gcomhoibrithe eile san Aontas Eorpach,” a dúirt Oifigeach Réigiúnach Unite, Colm Quinlan.
Tuarastail
“I gcomparáid lenár bpiarghrúpaí, geilleagair Thuaisceart agus Lár na hEorpa, tá tuarastail na hÉireann 18% faoi bhun an mheáin.”
Dúirt sé i gcomparáid le geilleagair bheaga oscailte eile go bhfuil tuarastail na hÉireann 24% faoi bhun an mheáin. Ag an am céanna, tá éagothroime tuarastail ard agus ag dul i méid.
Le cúig bliana anuas, fuair bainisteoirí agus gairmithe méadú 11% ar a n-ioncam seachtainiúil, ach ní bhfuair oibrithe bóna gorm agus bán ach méadú 1%.
Dúirt Quinlan: “Tá Unite ag tabhairt foláirimh anois d’fhostóirí, ní amháin go mbeimid ag lorg ardú pá dár mbaill.
“Ní ghlacfaidh ár mbaill ná gluaiseacht na gceardchumann le hoibrithe a gheobhaidh ardú pá a roghnú bunaithe ar thosaíochtaí gnó an chomhlachta.”
Is féidir go gcuirfear isteach go forleathan ar an earnáil phoiblí agus ar an earnáil phríobháideach sa bhliain úr, ag cruthú tuilleadh anró don rialtas mionlaigh in 2017.