PRÓIFÍL LEATHANACH 2
Is í Katie an bhean spóirt is fearr riamh in Éirinn b’fhéidir — nach deas í a fheiceáil ar ais san fháinne? Bhain sí a dara troid mar dhornálaí proifisiúnta Dé Sathairn i gcoinne Vivane Obenauf ón mBrasaíl os comhair slua de 21,000 duine — agus ní minic a bhíonn an oiread sin lucht féachana i láthair. Sin an draíocht atá ag Katie. Nár chaill na hÉireannaigh suim inti i ndiaidh gur theip uirthi sna Cluichí Oilimpeacha deireanacha le linn an tsamhraidh? Chaill na hÉireannaigh suim sna dornálaithe go léir, is cosúil. Shíleamar go dtiocfaidís ar ais le neart boinn óir agus nuair a theip orthu, ba mhór an buille é don tír. Ach ní gnáthdhuine í Katie — tá mianach ar leith inti. Agus aon duine a shíl go raibh deireadh le Katie — nach orthu a bhí an dul amú? Níl sí ach 30 bliain d’aois — ar ndóigh tá bonn óir ó na Cluichí Oilimpeacha ina póca aici, bhain sí an chraobh dhomhanda amaitéarach cúig huaire agus níor chaill sí fós mar dhornálaí proifisiúnta. Bhí sí ag troid ó bhí sí 11 bhliain d’aois, mar sin is gairm é don bhean as Bré Chualann. Agus thiocfadh léi filleadh ar an sacar b’fhéidir — d’imir sí d’Éirinn agus í ina déagóir! Dála an scéil, scóráil sí roinnt cúl dá tír agus cuireadh den pháirc í tráth! Cathain a fheicfimid í ag troid do chraobh an domhain? Tá Katie ag iarraidh Craobh an Domhain a bhaint anois agus seans go mbeidh an troid mhór ann an samhradh seo chugainn. Feicfimid í ag troid i Sasana agus sna Stáit Aontaithe roimhe sin. Táimid go léir ag guí go mbeidh an troid sin sa bhaile aici — b’fhéidir os comhair 90,000 duine i bPáirc an Chrócaigh. — KATIE McGREAL