Tháinig an Nollaig go luath agus na Rósanna ag teacht
Tháinig an Nollaig luath domsa agus don bhfear óg ó bhíos ag caint libh go deireanach. Is minic an ráiteas sin caite timpeall ach sa chás seo is dóigh liom go bhfuil an ceart agam nuair a deirim é!
Ní haon rún é gur ‘fan’ mór mé de chuid Guns N’ Roses agus is cuimhin liom a bheith ag scríobh sa pháipéar seo breis agus bliain ó shin go raibh ráflaí ag dul timpeall go rabhadar ag teacht ar ais le chéile agus ag an bpointe sin léim mo chroí le háthas.
An fáth gur scéal ollmhór é seo ná go raibh titim amach millteanach ag Slash agus Axl Rose (thíos) agus dúirt Slash in agallamh nach dtiocfadh siad le chéile agus é beo nó rud éigin mar sin — “not in my lifetime” — agus táimid ar fad ag gáire anois mar sin ainm na camchuairte atá acu faoi láthair!
An chúis gur tháinig an Nollaig luath domsa ná go dtáinig an scéal amach an tseachtain seo caite go rabhadar ag teacht go Caisleán Shláine i mí na Bealtaine an bhliain seo chugainn agus tá mo chuid ticéidí agam!
An chéad uair agus an uair dheireanach a bhíos ansin ná siar sa bhliain 1992, an chéad uair agus an uair dheireanach a sheinn na Gunnaí ann!
Ní rabhas ach sé déag an uair sin agus is cuimhin liom an lá sin fé mar a tharla sé inné. Is cuimhin liom go bhfuaireamar na ticéidí don gceolchoirm timpeall na ama seo agus thugas sé mhí ag féachaint orthu agus ag fanacht don ócáid!
An lá sin in 1992 sheinn an banna My Little Funhouse ó Chill Chainnigh agus Faith No More — caithfidh mé a rá go raibh leaideanna Chill Chainnigh ar fheabhas agus bhí suim ag Geffen iontu — ba iad Geffen an lipéad bhí leis na Gunnaí. Ach níl a fhios agam cad a tharla dóibh ina dhiaidh sin. Níl faic le déanamh anois ach fanacht sé mhí eile.
Ag an deireadh seachtaine thugamar an leaid óg go ‘Elftown’ i gcathair na Gaillimhe. Tráthnóna Aoine a bhí ann agus bhí an áit lán.
Cheapas gur ceann dos na háiteanna Nollaigiúla a bheadh ann ach is áit iontach í seo. Bhí an t-ógánach chomh sásta — thug sé an t-am ar fad ag léimnt le háthas.
Bhí Santaí ann chomh maith. Bhí an haisteoirí ar fheabhas agus don gcéad uair ag rud bhí sprid na Nollag le braistint seachas daoine a bheith ag lorg airgid! Sin tús maith le Nollaig na bliana seo — tá súil agam go leanfaidh rudaí mar seo!