Droichea d chuig na Stáit Aontaithe
Is beag duine nach bhfuil in éad le radhairc, aimsir, dúlra agus stíl bheatha California. Ní féidir éalú as cláir teilifíse, scannáin agus liricí amhrán atá lonnaithe ar an gcósta seo in iarthar Mheiriceá.
Bhí sé mar aidhm fadtéarmach agam mar sin an stát seo a fheiceáil le mo dhá shúil féin agus thosaíomar tréimhse cúig seachtaine in California le cúpla lá a chaitheamh sa chathair mhór le rá, San Francisco.
Is cosúil go gceapann go leor turasóirí gurb é San Francisco príomhchathair an stáit, ach ní sin mar atá in aon chor. Tá sé de nós ag na Meiriceánaigh cathracha beaga a ainmniú mar phríomhchathair gach stáit. Mar shampla in California, cé gurb iad San Francisco agus Los Angeles na cathracha is mó le rá ann, is é Sacramento príomhchathair an stáit.
Dúradh linn go ndéantar é sin toisc go mbíonn ag éirí go maith leis na cathracha móra ar aon nós agus is maith leis na stáit aitheantas agus gnó a thabhairt do chathracha atá níos lú – sin a dúirt paisinéir in aice linn ar an eitleán agus muid ag tuirlingt in aerfort San Francisco!
Shroicheamar lár na cathrach ag a 11 in agus faoin am sin ba iad na daoine gan dídean a chuir fáilte romhainn óna gcuid lóistín ar na cosáin. Chuireamar brú óige in áirithe coicís roimhe sin toisc go raibh sé ag díol amach ag an am.
D’fhanamar ann ar chostas $60 an duine in aghaidh na hoíche, ag roinnt seomra le ceathrar agus dúradh linn gur ‘mhargadh ceart’ a bhí i gceist leis sin. An meánchostas atá ar sheomra óstáin sa chathair ná $250 an oíche. Gan dabht ar bith, cathair lán le saibhreas agus daibhreas is ea San Francisco.
Le Silicon Valley agus ‘Tír an Fhíona’ ina thimpeall, ní haon ionadh é go bhfuil ardchostas maireachtála sa chathair seo. Tá ceanncheathrú na gcomhlachtaí teicneolaíochta agus meán sóisialta is mó ar domhan suite in San Francisco – Facebook, Instagram, Apple, Google, Snapchat, Airbnb agus Pinterest gan ach cúpla ceann acu a ainmniú.
Bíonn ócáidí poiblí ar siúl anois is arís ar champas Facebook – atá dúnta don phobal go hiondúil – ach bhí an t-ádh linn a bheith ann ag an deireadh seachtaine nuair a bhí margadh oscailte ar siúl acu sa charrchlós ollmhór atá ann. Cuireadh fáilte roimh an bpobal siúl timpeall agus sult a bhaint as an mbia agus ceol a bhí eagraithe acu, agus timpeallacht rídhearfach a bhí ann.
Ó bheith ag caint le roinnt daoine a oibríonn sa chathair, tugadh le fios dúinn go maireann gnáthlá oibre i San Francisco ó a 7 rn go dtí a 5 in ach tá an córas ‘flexi-hours’ i bhfeidhm in an-chuid comhlachtaí. Is féidir leis na fostaithe ragobair a dhéanamh agus na huaireanta sin a úsáid am éigin eile. Is minic a fheictear líne fhada tráchta ar mhótarbhealaí ag fágáil na cathrach timpeall a 3 in ar an Déardaoin, toisc go mbíonn an oiread sin daoine ag tógáil deireadh seachtaine fada tar éis na ragoibre a rinne siad roimh ré.
D’éirigh linn féin a bheith greamaithe sa trácht sin lá amháin ar ár mbealach ar ais ó thuras i ‘dTír an Fhíona’. Ní raibh tiománaí ár mbus chun glacadh leis sin áfach agus bhog sé isteach go lána eile.
Tá ceithre lána ar an dá thaobh de na mótarbhealaí in California. Bíonn an lána ar an taobh istigh ar fáil do thriúr nó níos mó atá ag roinnt cairr le chéile chun taisteal chuig an obair. Bhí ár dtiománaí sásta go leor an lána a úsáid toisc go raibh sé ar a bhealach abhaile linn! An aidhm atá i gceist leis an gcóras ná an méid gluaisteán ar na bóithre a laghdú, rud atá níos fearr don chomhshaol gan dabht.
Ba chuma linn faoin trácht ag an bpointe sin den lá ar aon nós mar bhíomar tar éis cúpla uair den chéad scoth a chaitheamh ar an turas fíona. Tugadh muid go trí fhíonghort éagsúla i nGleann Sonoma amuigh faoin tuath, ach sular shroicheamar aon cheann acu, thuig mé gurbh fhiú an turas cheana féin chun súil a leagan ar an radharc tíre.
Is í an earnáil talmhaíochta an t-easpórtálaí is mó in California agus feadh na gciliméadar i ngach treo ní raibh le feiceáil ach dhá rud sa ghleann; fíonghoirt agus feirmeacha almóinní.
Míníodh dúinn go dtagann os cionn 60% d’almóinní an domhain ó California toisc go bhfuil aeráid oiriúnach ann chomh maith leis na mílte acra talaimh.
Taobh istigh de na fíonghoirt, fuaireamar deis siúl timpeall gairdíní áille agus síos trí líne i ndiaidh líne de sceacha fíonchaor. Moladh dúinn cúpla ceann a phiocadh agus a ithe — agus ar ndóigh bhí siad iontach blasta! Chuir freastalaithe fáilte romhainn sna trí fhíonghort dhifriúla agus tugadh isteach go seomraí blaiste muid. Ansin, thug siad braon dúinn de na fíonta ar fad a dhéantar sna fíonghoirt sin. Blasta!
Míníodh an próiseas atá i gceist le fíon a dhéanamh dúinn agus conas fíonta éagsúla a bhaint amach.
Seans nach fíric nua é seo do bhur bhformhór ach bhí ionadh orainn é a fhoghlaim – tá níos mó ná 10,000 saghas fíonchaoire ar domhan, ach ní thagann sú dearg ach ó cheithre cinn acu. Tá sú fionn ag formhór na bhfíonchaor, ach déantar fíon dearg trí chraiceann na bhfíonchaor dubh a chur isteach sa phróiseas ar feadh tamaill ionas go rithfidh an dath isteach sa leacht agus voilà —fíon dearg!
Turas seacht n-uair an chloig a bhí ann san iomlán faoin am a shroicheamar lár San Francisco arís agus bhí thart ar $70 ar an lá le gach rud san áireamh.
Rinneamar na rudaí móra eile sa chathair freisin a dhéanann gach turasóir ann — thiomáineamar thar an Golden Gate Bridge, shiúlamar timpeall Fisherman’s Wharf, chaitheamar lá in Ollscoil Stanford agus Palo Alto agus