Bíodh leabhar spóirt i stoca na Nollag agat
Aon lá déag go maidin Nollag agus cad a cheannóidh tú do dhuine a bhfuil deacrachtaí agat ceannach dóibh?
Domsa, tá sé thar a bheith doiligh dul thar leabhar. Éagsúlacht fhairsing leabhar atá ar an margadh faoi láthair ach táim chun díriú ar leabhar CLG mar bhronntanas san alt seo.
D’éirigh le himreoir Chiarraí Kieran Donaghy leabhar Eir Sport na bliana a bhaint ar na mallaibh don leabhar What Do You Think Of That. Cur síos ar a shaol mar imreoir le deich mbliana anuas agus labhraíonn sé faoina chaidreamh lena athair a raibh fadhb óil aige.
Cé go bhfuil téamaí an-dáiríre ann, tá go leor craice agus scéalta ann agus leabhar é a mbeidh fonn ar go leor é a léamh um Nollaig.
Leabhar eile a bhí ar an ghearrliosta do leabhar Eir Sport na bliana ná an leabhar le Cathal McCarron agus Christy O’Connor dar teideal Out of Control. Leabhar atá deacair a léamh ach iontach ionraic ó imreoir Thír Eoghain faoin bhfadhb cearrbhachais a chur a shaol as smacht.
Agus tá Hand on Heart le Ken McGrath agus Michael Moynihan ann, scéal faoi dhuine de na laochra a bhí ar fhoireann iomána Phort Láirge idir 1996 agus 2011.
Is fiú The Best is Yet to Come a lua, leabhar a scríobh Alan O’Meara, iarchúl báire an Chabháin, agus na deacrachtaí a bhí aige leis an ghalar dhubhach chomh maith. Níl ann ach blaiseadh ach is deacair dul amú le bronntanas mar seo i stocaí na Nollag!