Athbheochan tar éis teacht ar na hUltaigh
Imreofar babhta a ceathair de Chraobh na hEorpa an deireadh seachtaine seo le Cúige Mumhan agus Cúige Laighean ar bharr a bpúil.
Athbheochan atá tar éis teacht ar shéasúr na nUltach leis an bhua spreagúil a bhí acu in aghaidh Clermont agus cé gur chaill Cúige Chonnacht tá siad fós i lár an aonaigh.
Cá seasann siad an uair seo? Is iad na Muimhnigh an chéad chúige a chuirfeas chun páirce Dé Sathairn agus iad as baile in aghaidh Leicester. Rinne an Mhumhain slad ar Leicester i mbabhta a trí, le foireann Shasana sa cheathrú háit i gcomórtas Shraith Aviva.
Deis
38-0 an scór a bhí ag an fheadóg dheireanach. Luaigh stiúrthóir rugbaí Leicester Richard Cockerill i ndiaidh an chluiche nach raibh taispeántas a fhoirne maith go leor ach go raibh an deis acu rudaí a thiontú timpeall Dé Sathairn.
Fuair Glaschú Warriors an lámh in uachtar ar Racing 92 i bpúl a haon agus ciallaíonn sé go bhfuil an púl iomlán oscailte anois. Caithfidh Leicester buachaint anseo ach tá sé thar a bheith deacair na Muimhnigh a stopadh i láthair na huaire.
Feicfear Cúige Chonnacht sa bhaile in éadan Wasps níos moille an lá sin agus cé gur chaill siad 32-17 chruthaigh siad na deiseanna agus iad sa dara háit i bpúl a dó taobh thiar den Wasps.
Bí cinnte go mbeidh Pat Lam ag iarraidh feabhas mór ar an síneadh amach agus ar chinnteoireacht na foirne.
Cluiche cumasach a imríonn Wasps agus ní raibh freagra ag fir Chonnacht i dtreo dheireadh an dara leath. Bhí ar Tiernan O’Halloran agus Cian Kelleher an cluiche a fhágáil agus beidh le feiceáil an mbeidh siad réidh don Sportsground Dé Sathairn.
Is ar íochtar an tábla i bpúl a ceathair atá Northampton Saints agus seans go bhfaighidh siad amach inniu cé chomh fada a bheas an húcálaí agus captaen Shasana Dylan Hartley ar an taobhlíne.
Bhuail sé cloigeann Sheáin O’Brien lena lámh agus é taobh thiar dó. Bronnadh cárta dearg air, an tríú ceann atá aimsithe aige ina shaol gairmiúil go dtí seo agus seans maith go gcuirfear fionraí fada air. D’éirigh leis na Laighnigh an cluiche a bhaint 37-10 agus iad mar rogha na n-údar na pointí a chrochadh leo sa bhaile. Dúshlán mór roimh Chúige Uladh as baile in aghaidh Clermont Auvergne Dé Domhnaigh ach spreagfaidh toradh na seachtaine seo caite iad. Bhuail siad foireann na Fraince 39-32. Cé go raibh Les Kiss thar a bheith sásta lena fhoireann, cheistigh sé an chosaint in amantaí a lig Clermont ar ais sa chluiche agus an pointe bónais a tugadh dóibh. Níl sé ach 50/50 an mbeidh Andrew Trimble, Craig Gilroy nó Stuart Olding ábalta imirt.