Irish Independent - Seachtain

Laochra ár gcluichí ar lár

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Bhí socruithe déanta agam dul thar lear le déanaí ar cuairt go dtí beirt iníonacha liom atá ag cur fúthu ar an mór-roinn nuair chuala faoi bhás Willie Casey, iar-imreoir le Maigh Eo.

Mar ógfhear naoi mbliana déag d’aois bhí sé mar ionadaí ar fhoireann Mhaigh Eo a bhain Craobh na hÉireann sa bhliain 1951, an uair dheiridh gur neadaigh Corn Mhig Uidhir sa chontae. Más ea bhí sé ar an bpáirc ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin ach ní raibh aon rath air ó thaobh Craobh na hÉireann a ghnóthú.

Mar lánchúlaí ar dheis is mó d’imir sé agus ó thaobh cumais, stíle agus luais de ní raibh a shárú le fáil sa tír. Bhí sé ar fhoireann an chontae a bhuaigh Craobh Shóisear na hÉireann sa bhliain 1950 agus Craobh an Bhóthair Iarainn le Cúige Chonnacht i 1957 agus an bhliain dár gcionn.

Ar an mór-roinn a chuala faoi bhás beirt eile go raibh dlúthbhain­t acu le Cumann Lúthchleas Gael — Danny Ó Murchú an Dúin agus Micheál De Róiste ó Thiobraid Árann.

Bhain Danny le club an Bhuirinn sa Dún agus is minic ráite é gur thug sé seirbhís thar na bearta don gclub mar imreoir, mar oifigeach agus mar chomhairle­oir. Bhí sé mar roghnóir ar fhoireann an chontae agus níorbh fhada go raibh sé lárnach ar choistí de chuid an chontae agus an chúige. Go deimhin d‘fheidhmigh sé mar chathaoirl­each agus chaith sé seal fada mar rúnaí ar Chomhairle Uladh.

Bhí sé ard-éifeachtac­h i mbun a dhualgaisí agus gan aon fhothragad­h chuir sé fáilte roimh lucht leanta go dtí na cluichí móra i gcónaí.

B’fhuirist a thagadh sé ar bhealach le daoine a chur ar a suaimhneas agus nárbh iontach an tréith é sin — fear díograisea­ch macánta.

Iománaí ó Charraig na Siúire i dTiobraid Árann ab ea Micheál De Róiste. Bhí sé mar bhall lárnach ar na foirne a bhain Craobh na hÉireann ins na blianta 1964, ’65 agus ’67. I mo thuairimse bhí sé ar cheann des na hiománaith­e is fearr a chonaic mé riamh agus déarfainn go bhfuil iliomad daoine a bheadh ar aon fhocal liom.

Bhíos den dtuairim go dtí gur tháinig sárfhoirea­nn Chill Chainnigh na mblianta 2006 go 2009 ar an láthair gurbh iad foireann Thiobraid Árann ó 1958 go dtí 1965 an fhoireann ab fhearr a chonaic riamh.

Dheineadar siúd gaisce — Craobh na hÉireann, Craobh na Sraithe agus Craobh an Oireachtai­s cúig huaire san achar sin!

Cheapas freisin gurb é teacht an Róistigh óig go luath ins na seascaidí a chuir séala na foirfeacht­a orthu. B’ansa leis imirt i lár na páirce ach is mó taispeánta­s ríoga a chruthaigh sé i lár na leathlíne cosanta. Mairfidh a cháil go deo. Solas na bhFlaithea­s do anamacha na marbh.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland