Irish Independent - Seachtain

PRÓIFÍL LEATHANACH 2

- MELANIA TRUMP CÉAD-BHEAN MHEIRICEÁ

Chuala muid go leor faoi Donald Trump, ach cé hí céad-bhean úr Mheiriceá? Is iomaí scéal a chuala muid faoi Donald Trump agus a chuid rógaireach­ta ach céard faoina bhean chéile Melania Trump? Rugadh san Iúgslaiv í in 1970, a chiallaíon­n go bhfuil 26 bliana idir í féin agus an Trumpach. Sin cumhacht an ghrá duit is dócha. Bhog sí go buan go Meiriceá in 2001 agus fuair sí a saoránacht in 2006 i ndiaidh di Donald a phósadh in 2005 agus bhí mac acu — Barron — fosta in 2006. Bhuail sí le Donald in 1996 ag cóisir i Nua-Eabhrac. Caithfidh go raibh sé ábalta í a mhealladh chuig na Stáit Aontaithe leis an fholt órga atá aige! An bhfuil Melania ar aon intinn le Donald Trump? Dar ndóigh, is duine eile í féin agus déanann sí a rud féin. Cuireadh ceist uirthi maidir le polaitíoch­t Trump agus d’fhreagair sí leis seo a leanas: “Ní aontaím le gach rud a deir sé, ach is gnáthrud é sin. Is duine eile mise agus insím mo chuid tuairimí dó. “Seasaim ar mo dhá chois féin agus sílim go bhfuil sin an-tábhachtac­h don chaidreamh.” Ar ndóigh, tá buanna faoi leith aici féin. Tá cúig theanga ar a toil aici, tá comhlacht seodra aici agus bíonn sí ag obair ar son carthanas. Ach is léir nach bhfuil bua na cainte aici — i mBéarla ar a laghad — i ndiaidh di óráid a thabhairt a bhí an-chosúil le hóráid Michelle Obama. Ach nach bhfuil Trump in éadan inimirceac­h? Is aisteach an rud é go mbíonn an Trumpach ag gearán an oiread sin faoi inimircigh, cé nach mbeadh sé féin ar an saol murach go ndeachaigh a mháthair ar imirce chuig na Stáit Aontaithe. Dar ndóigh is eachtranna­ch í a bhean chéile mar sin cén dóigh ar féidir leis a bheith ag tabhairt amach faoi inimircigh? Bhí na meáin i Meiriceá den bharúil nach raibh Melania le cloisteáil mórán i rith an fheachtais mar gheall ar bhlas Béarla s’aici, ar eagla go gcuirfeadh sí isteach ar a sheasamh in éadan na n-imirceach. Agus is léir go bhfuil dúil aici i bhfaisean... Ba mhainicín í Melania a thosaigh ag aois a cúig agus a bhí i bhfógra agus í 16 bliana d’aois. Chaith sí cuid mhór ama i bPáras agus in Milano. Ag a bainis le Donald bhí réaltaí ann amhail Simon Cowell, Heidi Klum, Hillary agus Bill Clinton, agus Billy Joel a cheol dóibh. Bhí costas $200,000 ar a gúna. Cad é atá i ndán dúinn amach anseo? Cá bhfios cad é a tharlóidh leis an bheirt seo sa Teach Bhán ach ní stopfaidh Melania na líomhaintí go bhfuil Donald gnéasaíoch agus in éadan chearta na mban.

 ??  ?? Snasta: Melania Trump ar oíche insealbhai­the a fir céile Dé Sathairn
Snasta: Melania Trump ar oíche insealbhai­the a fir céile Dé Sathairn

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland