Irish Independent - Seachtain

Dóchas de dhíth agus an domhan i lámha Trump

-

Sea, tá sé istigh! Níor chreid éinne go mbeadh sé ar an ticéad an chéad lá gan trácht ar bheith sa Tig Bán, ach tá sé ann agus caithfidh gach éinne againn déileáil leis. Ní raibh na sluaite céanna ag an ócáid insealbhai­the is a bhí ag ceann Obama ná aon uachtarán eile agus ní raibh na bannaí ceoil ann ach an oiread. Mar a tharla sé fuaireadar deacair ceoltóirí a fháil agus ar deireadh tháinig an scéal amach go mbeadh Micheal Flatley agus a chriú i láthair!

Nuair a tháinig an scéal seo amach ní mó ná sásta a bhí éinne — bhuel ar Twitter pé scéal é — agus táim féin fós ag iarraidh an ceangal a dhéanamh idir é agus an Donald, seachas is gur fir ghnó iad beirt a chaith cúpla nóiméad ar a laghad i gContae an Chláir ag amanta difriúla!

Ní aon dabht ach go mbeadh ómós ag Micheal Flatley (ar dheis) d’oifig an uachtaráin agus b’fhéidir gur sin an chúis?

Má bhí lucht Twitter feargach le Flatley níl aon dabht go raibh beirt ag an ócáid a bhí ag dó ar an dtaobh istigh. An chéad duine is ea Michelle Obama (thuas ar dheis) agus bhí sé scríte ar a haghaidh le linn an tsearmanai­s.

Bhí éadóchas na tíre scríte ar an aghaidh chéanna! Dheineas sórt gáire nuair a tháinig Donald Trump agus Melania chun bualadh leis na Obamas roimh ré agus thug Melania bronntanas ó Tiffany’s do Michelle agus ní raibh a fhios ag éinne cad a bhí le déanamh leis, ní raibh sé scríte in aon script an lá sin! Ní amháin go raibh Hillary Clinton (thíos ar chlé) ag dó ar an dtaobh istigh ach bhí ar an dtaobh amuigh chomh maith. Ní haon iontas agus an domhan ar fad ag féachaint uirthi. Chonaic an domhain mór í ag glacadh a hanála agus is soiléir go raibh sí míchompord­ach agus thuigfeá di. Is fíor a rá anois go bhfuil an liathróid i gcúirt an Uachtaráin Trump agus is é amháin atá in ann rudaí a dhéanamh. Tá ana-chuid cloiste againn uaidh agus beidh sé ana-shuimiúil féachaint cad a thiocfaidh as.

An chéad rud a chaithfidh sé a dhéanamh ná cúrsaí a shocrú síos do gach duine. Caithfidh sé fanacht glan ó bheith ag tógaint claíocha agus ag caint ar dhaoine a chur abhaile. Ní mór dó chomh maith fanacht glan ós na Rúisigh — ní rófhada é ón gCogadh Fuar do dhaoine áirithe agus is soiléir go mbeadh Rocky ró-aosta na laethanta seo chun tabhairt fúithi! Leis sin ar fad ráite, caithfidh dóchas a bheith ann. Muna bhfuil dóchas sna Stáit Aontaithe níl faic ann. Ní thiocfaidh an dóchas seo ach ó áit amháin agus sin ó Trump fhéin agus tá súil agam go dtiocfaidh!

 ??  ?? An lámh láidir: Donald Trump ag glacadh mhóid an uachtaráin
An lámh láidir: Donald Trump ag glacadh mhóid an uachtaráin
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland