Tá na foirne is fearr chun cinn arís i mbliana
Coicís le dul sula gcuirfear tús le Sraith Peile Allianz ach an bhfuil an seanscéal céanna le feiceáil arís i mbliana?
Más féidir linn léargas a fháil ar na comórtais atá a reáchtáil faoi láthair is dócha go bhfuil an port céanna á sheinnt i roinnt de na cúigí. Is é sin go bhfuil an seans ann go bhfeicfimid na buaiteoirí céanna ó am na Craoibhe sna cúigí céanna.
D’éirigh le Ciarraí comórtas Mhic Craith a bhaint, an chéad uair dóibh ó 2013. Fuair siad an lámh in uachtar ar Luimneach tar éis am breise agus deis acu imreoirí ar an imeall a thriail roimh a dturas go Dún na nGall ar an 5 Feabhra.
Corn
I gCúige Uladh, imreofar an cluiche ceannais i gCorn Mhic Cionnaith san oíche Dé Sathairn ag a seacht a chlog i bPáirc Elser. Den séú bliain as a chéile, beidh Tír Eoghain ag iarraidh an corn a bhuachaint.
Is in aghaidh Dhoire a bheidh siad, athimirt ó chluiche ceannais 2016. Bhí Tír Eoghain ró-láidir do Chontae Fhear Manach ina mbabhta leathcheannais le Doire 2-12 le 1-13 chun cinn ar Mhuineachán sa bhabhta leathcheannais eile.
Cé go bhfuair Maigh Eo an lámh in uachtar ar Ros Comáin sa tSraith FBD 4-11 le 2-16, ní leor é chun cáiliú don chluiche ceannais Dé Domhnaigh.
Feicfear Gaillimh agus Ros Comáin ag casadh lena chéile mar a tharla ag an am seo anuraidh. Chroch Gaillimh leo an teideal den chéad uair ó 2009 an uair sin agus cé go mbeidh corn deas ag an am seo den bhliain is ar an chuairt go Bóthar na Trá ó Chorcaigh a bheidh foireann Kevin Walsh dírithe i roinn a dó ar an 5 Feabhra.
Chuir an chailliúint a bhí ag Cill Dara in aghaidh Átha Cliath samhnas ar Chian Ó Néill, bainisteoir Chill Dara, agus iad trí chúilín chun cinn le cúig bhomaite dhéag le dhul in éadan Átha Cliath a bhí ag feidhmiú gan an chuid is mó de na peileadóirí a bhuaigh Craobh na hÉireann i mí Mheán Fhómhair.
Fadhb
D’admhaigh sé go bhfuil “fadhb ag Cill Dara deireadh a chur le dúshlán foirne nuair a bhíonn siad chun tosaigh, rud atá ag tarlú le tamall.” Áth Cliath agus an Lú a bheidh in adharca a chéile anois i mbabhta ceannais Chorn Uí Bhroin Dé Domhnaigh ag a dó a chlog i nDroichead Átha. Bhuaigh an Lú ar an Mhí sa bhabhta leathcheannais eile 1-14 le 0-10.