Loinnir sraitheanna ag gealadh
Ní fada uainn ‘Teacht an Earraigh’ anois agus nach ionann san agus Séasúr Shraitheanna Allianz sa bpeil agus san iomáint? Tá fo-chomórtaisí Eanáir beagnach thart agus ar chuma éigin mothaím go raibh níos mó béime agus suime ag baint leo i mbliana seachas aon uair eile.
Ní hionadh go raibh sciar maith de bhromaigh óga ag fáil deiseanna imeartha go luath sa bhliain ach bhí go leor des na seanfhondúirí cíocrach chun comhraic freisin.
An bhfuil nod sa mhéid sin go mbeidh sár-iomaíocht againn i Sraitheanna Allianz ón dtús ar an gcéad deireadh seachtaine de mhí Feabhra go dtí na Cluichí Ceannais ar an dara deireadh seachtaine de mhí Aibreáin?
Is maith an réiteach é sin mar nach mbeidh an draíocht a bhaineann le Craobhacha Uile-Éireann lonnaithe in aigne an lucht leanta fós. Is buntáiste do na sraitheanna é go bhfuil ‘a séasúr’ giorraithe mar nach mbeidh aon chluichí leathcheannais san áireamh.
Tagann draíocht na gCraobhacha go tobann agus go minic bíonn tionchar ag an oíche go moltar dúinn cloig, uaireadóirí agus fearais eile den bpór céanna a bhogadh ‘uair an chloig chun tosaigh’ ar mhodh oibre na haigne.
Fógra a bhíonn ann go bhfuil tráth na Sraitheanna thart agus tráth na gCraobhacha ag bagairt. Is fearr go mór go mbeadh comórtas na sraitheanna thart ag an bpointe sin agus mar sin a bheidh i mbliana.
Bíodh san mar atá ach dáiríre an bhfuil sé tugtha faoi ndeara agaibh nach mbeidh aon chluichí leathcheannais i mbliana? Fógraíodh é, glacadh leis agus sin deireadh an scéil.
Beidh ionad sa Chluiche Ceannais ag an bpéire a chríochnóidh ar bharr an liosta ó thaobh pointí de. Cuirfidh an t-athrú sin béim ana-mhór ar phointí a ghnóthú agus is maith an achainí. Tugaimis seans dó.
Tá fiosracht ollmhór i leith fhoireann Átha Cliath á léiriú cheana féin.
Nach bhfuil Craobh Peile na hÉireann tar éis cuairt a thabhairt ar chríocha na Life ceithre huaire ón mbliain 2011 anall agus craobh na sraithe ceithre huaire AS A CHÉILE ó 2013 ar aghaidh?
Bhain Ciarraí craobh na Sraithe ceithre huaire as a chéile faoi dhó — 1929, ’30, ’31 agus ’33.
I mblianta tosaigh na seachtóidí a chláraigh Ciarraí an ‘dara slabhra ceithre chraobh’.
Gan dabht ar bith Maigh Eo a thuilleann an gradam ‘Lóchrann na Sraithe Peile’. Ghabhadar sé chraobh as a chéile ó 1934 go dtí 1939.
Mar is béas le lucht an dlí a rá le linn plé/scéil, tugaimse sos do chás Mhaigh Eo.