SPÓRT AM DO NA FRANCAIGH FÁIL FAOI RÉIR...
Allez les blues. Tiocfaidh foireann rugbaí na Fraince go hÉirinn an deireadh seachtaine seo chun aghaidh a thabhairt ar bhabhta a trí de chomórtas na Sé Náisiún. Cluiche mór do na hÉireannaigh atá ann, leis an Bhreatain Bheag in Caerdydd agus Sasana sa bhaile le teacht.
Caithfidh an Fhrainc bualadh leis an Iodáil agus an Bhreatain Bheag sna cluichí deireanacha acu.
Ba mhór na deacrachtaí a bhí ag na Francaigh sa chomórtas seo le cúpla bliain anuas, ag críochnú sa chúigiú háit anuraidh cé gur bhain siad a gcéad chúpla cluiche. Codarsnacht mhór idir sin agus an tréimhse idir 2002 agus 2010 nuair a bhuaigh siad cúig chomórtas na Sé Náisiún.
Cóitseálaí
Ceapadh Guy Noves, iar-laoch Toulouse, mar chóitseálaí ar an fhoireann chun stíl níos cruthaithí agus ealaíonta a chur i bhfeidhm.
Bhí na deiseanna acu bua a thochailt amach in Twickenham ach níor thapaigh siad iad agus chríochnaigh siad níos láidre ná Albain sa bhaile i mbabhta a dó, cé go raibh an chuma ann go raibh an cluiche ag sleamhnú uathu.
Fuair siad an lámh in uachtar ar Éirinn anuraidh ach den chéad uair i mbliana, tá cead ag an chóitseálaí stop a chur ar na himreoirí idirnáisiúnta imirt lena gclubanna.
Mar sin, bhí tréimhse ullmhúcháin mhaith acu i gcomparáid leis an am a
chuaigh thart. Ciallaíonn sé go Craobh Rugbaí na Sé Náisiún Éire v na Fraince, Staid Aviva, Baile Átha Cliath. Dé Sathairn @16.50. Beo ar RTÉ1 ó 16.30 bhfuil brú ar an Fhrainc taispeántas maith a chur chun páirce mar níl aon leithscéal acu níos mó mar gheall ar an easpa ama a bhí acu ag traenáil roimh na cluichí.
Ach tá fadhb acu lena gcuid smachta. Géilleadh 25 chic éirice, an méid is mó a ghéill aon fhoireann sa chomórtas go fóill. Seo áit gur féidir le hÉirinn leas a bhaint as, go háirithe mar nach bhfuil ach 11 chic éirice géillte acu. Caithfidh na Francaigh a bheith airdeallach anseo.
Tábhachtach
Áit eile a bheidh tábhachtach ná an té a bheidh ag tógáil na gciceanna saora. Beidh le feiceáil an dtosnóidh Jonathan Sexton agus é ag iarraidh teacht ar ais chuige féin ó ghortú. Buille mór do Paddy Jackson má chailleann sé amach, go háirithe mar nach bhfuil cic éirice caillte aige sa chéad dá chluiche. Chuir Camille Lopez ceann amháin amú i gcoinne Shasana agus na hAlban don Fhrainc agus beidh brú ar an bheirt ag uimhir a deich na deiseanna a thapú.