Irish Independent - Seachtain

Nábíag piocadh ar mo chara Tubs faoi chúrsaí an ghrá!

-

Bhuel, an t-am seo an tseachtain seo caite bhíodar ag lorg cheann Ryan Tubridy ar phláta. Tháinig na céadta gearrán isteach mar gheall ar an seó a bhí ann ‘ag ceiliúradh’ Lá Fhéile Vailintín.

Cheapas go raibh formhór an lucht féachana ar meisce — iad siúd a bhí sa stiúideo atá i gceist agam gan dabht. Bhuel, ní mór d’éinne a bhí ag féachaint air sa bhaile a bheith sa bhád céanna chun sult a bhaint as!

Nuair a thagann sé go dtí an seó seo, is dóigh le gach éinne gur leo é agus ar shlí is fíor sin, mar muna mbeadh na daoine seo ag féachaint air ní bheadh sé ann. Sin an chúis go raibh daoine ag tabhairt amach.

Tharla an sórt seo stuif ar chláir an tSathairn agus bhí leibhéal eile i gceist nuair a tháinig sé ag an Late Late.

Níl aon dabht ach go raibh seó i bhfad Éireann difriúil ann Dé hAoine seo caite. Seó mar a bhí le ‘gnáthdhaoi­ne’ le scéalta a bheir ar gach duine a bhí ag féachaint. Ní scéal amháin ach trí cinn. Is iontach an léargas atá ag Olivia O’Leary (ar chlé) ar chúrsaí polaitíoch­ta sa tír seo. Bíonn sí le clos ar Drivetime uair sa tseachtain agus ní chaillim í.

Bhíos ana-shásta a chloisint go mbeadh sí ar an Late Late, go mórmhór agus gach aon rud atá ar siúl i láthair na huaire. Toisc go bhfuil an oiread sin foinsí nuachta ann na laethanta seo agus colúnaíoch­t an chuid is mó dar liom, is iontach nuair a thagann duine a deireann amach é.

Chuireas agallamh ar an Athair Brian D’Arcy go minic agus is breá liom a bheith ag caint leis mar is fear ionraic é agus ní bhíonn aon leisce air a thuairimí a nochtadh agus bhí sé mar sin riamh.

Sin an chúis gur bhain sé ainm amach dó fhéin agus is maith linn daoine mar sin in Éirinn. Bhí sé chomh hionraic ar an Aoine mar gheall ar go raibh sé de cheart aige pósadh agus mar sin dó.

Tá crógacht ag an bhfear seo agus ba cheart é a mholadh.

Ag dul ar ais go dtí an Late Late, nuair ná raibh ceiliúráin timpeall na dúichí, fuaireamar léargas ar conas a mhaireann duine le pé cúlra a bhí acu.

Bhuel, fuaireamar ceann acu le Megan Havley Ryan agus a máthair. Seo cailín atá i bpian an lá ar fad, gach lá. Nuair a fhéachaim air seo — agus is dóigh liom go bhfuil mórán eile cosúil liom — déarfaimid linn féin ná bhfuil an saol atá againn chomh holc sin agus gur cheart dúinn a bheith buíoch.

Anois bhí daoine ag piocadh ar mo chara Tubs tar éis sheó an ghrá, ach bí go deas leis — tá sé fós ag teacht chuige féin tar éis Julia Roberts!

 ??  ?? Ryan ar Chlár Vailintín agus, ar dheis, a chárta bréagach ó Julia Roberts
Ryan ar Chlár Vailintín agus, ar dheis, a chárta bréagach ó Julia Roberts
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland