An Conradh ag iarraidh ath-Ghaelú na hÉireann
Gheall Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge go leanfaí ar aghaidh ag cur brú ar pholaiteoirí ar dhá thaobh na teorann chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh.
Toghadh an Dr Niall Comer ( thíos) ag Ard-Fheis na heagraíochta i nGaillimh ag an deireadh seachtaine. Is léachtóir le Gaeilge é in Ollscoil Uladh, agus ball d’Institiúid Taighde na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh.
Prionsabail
Dúirt sé cé go bhfuiltear ag díriú anois ar Acht Gaeilge sa Tuaisceart i ndiaidh thoghchán an Tionóil, go leanfadh CnaG ar aghaidh ag cur brú ar Theachtaí Dála a thacaigh le prionsabail na heagraíochta roimh an olltoghchán sa deisceart bliain ó shin.
“Is féidir le Conradh na Gaeilge todhchaí na Gaeilge agus todhchaí na sochaí a mhúnlú leis an teanga ag croílár ár linne,” a dúirt sé.
“Feictear domsa nach neart go cur le chéile mar Chonradh agus gluaiseacht mhór náisiúnta amháin á neartú in athuair ionas gur féidir linn tabhairt faoin dúshlán seo atá romhainn – athGhaelú na hÉireann.
“Tá Conradh na Gaeilge pobalbhunaithe agus eagraithe ar son na teanga; níl ann don Chonradh gan pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus níl ann d’fheachtais ná d’aidhmeanna an Chonartha gan ionchur na mball, na gcraobhacha, an phobail trí chéile. “Tá pobal na Gaeilge i lár an aonaigh polaitíochta agus ar thús cadhnaíochta anois chun reachtaíocht cheartbhunaithe a bhaint amach leis an teanga a chosaint ó thuaidh.” Ó Iúr Cinn Trá ó dhúchas, tá gaol clainne láidir ag Dr Comer le Gleann na Madadh, Contae na Gaillimhe, agus bhí sé ina Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge le trí bliana anuas.
Ról
Lean sé: “Ba chóir go mbeadh ról lárnach ag Conradh na Gaeilge in Éirinn sa lá atá inniu ann le gach bean, le gach fear, agus le gach leanbh — beag beann ar chúlra creidimh, ar an tír arb as dóibh, ná ar an rogha saoil a bhíonn acu — a thabhairt linn ar an turas seo, turas chun Éire a ath-Ghaelú agus athbheochan na Gaeilge a chur i réim mar is ceart.
“Bhíodh an t-am ann nuair a bhí Éire i measc na náisiún is oilte agus is cultúrtha ar dhroim an domhain, agus bhí an Ghaeilge mar chuid lárnach de seo. Bíodh sé amhlaidh arís.”
‘ Tá pobal na Gaeilge i lár an aonaigh polaitíochta anois’