Irish Independent - Seachtain

An rud ba dheacra a dheineas fós mar athair... dul ag obair agus an leaid óg a fhágáil san óispideál

-

Níl aon dabht ann ach go bhfuil ábhar ciontachta i gceist nuair a thagann sé go dtí tuismitheo­irí — ní chloistear ach taobh amháin den scéal seo más ea agus cuireann sé seo isteach orm.

Taobh na máithreach­a é seo gan dabht agus tá cúis leis seo. Fadó fadó is iad na fir is mó a bhíodh amuigh ag obair agus na mná ar fad sa bhaile ag tabhairt aire dos na leanaí.

Tá an lá sin imithe anois agus is minic a chloisfeá máithreach­a ag rá go bhfuil sé deacair an dá thrá a fhreastal — a bheith amuigh ag obair agus a bheith sa bhaile an chuid eile den am.

Tá mná eile ann agus sin na máithreach­a a fhanann sa bhaile. Braitheann siad seo ciontach mar nach bhfuil siad amuigh ag obair agus ag tabhairt airgid isteach sa tig. Braitheann Rita mo bhean chéile mar seo agus tuigim di.

Níl sé éasca a bheith sa bhaile an lá ar fad le leanbh trí bliana d’aois agus gan a bheith ag caint le daoine fásta ó mhaidin go tráthnóna. Deirim léi go bhfuil sé níos fusa a bheith ag caint leis an bhfear óg ná cuid dos na daoine a thagann mo threo gach lá!

Mar sin bíonn an bhean a bhíonn ag obair ag brath ciontach mar go mbíonn sí amuigh ag obair agus ní chaitheann sí gach nóiméad den lá leis na leanaí agus tá a scéal fhéin ag an mbean sa bhaile.

Ach cad fén bhfear a théann ag obair gach lá — ní chloistear faic uaidh riamh — an bhfuil aon mhothú ar an bhfear seo? An bhfuil sé déanta de chloch?

Bhuel, níl an fear seo. Briseann sé mo chroí an tig a fhágaint ar maidin agus caithfidh mé a rá nuair a bhím ag caint le Rita i rith an lae agus nuair a chloisim an chraic ar fad a bhíonn acu le chéile braithim éadmhar! Éadmhar nach mise atá sa bhaile leis. Tuigim nach mbíonn sé mar sin an t-am ar fad, ach fós nuair a bhíonn tú as baile braitheann tú uait na rudaí seo.

Rud amháin is ea é a bheith as baile ag obair nuair a bhíonn cúrsaí go maith ach scéal eile is ea é nuair a bhíonn duine breoite.

Bhí an leaid óg san óispideál an tseachtain seo caite agus bhí orm an bheirt a fhágaint agus dul ag obair. Sin an rud ba dheacra a dheineas fós mar thuismithe­oir!

Pé ciontacht athar a bhrathas ag dul ag obair, bhí sé seo míle uair níos measa.

Ní rabhas sásta go dtí go raibh an tseachtain istigh agus ní bhím mar sin riamh nuair a thagann sé go cúrsaí oibre!

Is dócha an pointe atá agam ná gan dearúd a dhéanamh ar Dhaid bocht sna cúrsaí seo ná is minic é in easnamh ós na haltanna seo!

 ??  ?? Tuismitheo­irí: Dáithí agus Rita ag glacadh páirt i bhfógra faoi pháistí in 2015
Tuismitheo­irí: Dáithí agus Rita ag glacadh páirt i bhfógra faoi pháistí in 2015
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland