Irish Independent - Seachtain

Glantachan an Earraigh

- Foinse: Eureka, i gcomhair le hInstitiúi­d Oideachais ag Campas Choláiste Phádraig, DCU

Bímid i gcónaí ag iarraidh sinn féin agus ár gcuid rudaí a choinneáil glan. Glanaimid ár gcuid fiacla ar maidin agus roimh dhul a chodladh. Bíonn folcadh nó cithfholca­dh againn go rialta. Nímid ár n-éadaí. Mapálaimid na hurláir. Cuirimid snas ar na fuinneoga agus sciúraimid na potaí. Smaoinigh ar an méid fógraí a bhíonn le feiceáil nó le cloisteáil le haghaidh earraí glantachái­n. Féachfaimi­d orainn féin ar dtús. Nímid ár lámha, ár bhfiacla, ár n-aghaidh agus ár gcorp chun sinn a choinneáil glan. Bailíonn frídíní ar chraiceann agus mura nímid ár gcraiceann le gallúnach agus le huisce, chun na frídíní a ruaigeadh, éireoimid tinn. An raibh a fhios agat go bhfuil frídíní chomh beag bídeach sin gur féidir leis na mílte díobh maireachtá­il ar d’ordóg? Tá sé thar a bheith tábhachtac­h lámha a ní tar éis dul chuig an leithreas agus tar éis a bheith ag súgradh taobh amuigh. Ba cheart dúinn ár lámha a ní freisin sula n-ithimid béile.

Conas a oibríonn gallúnach?

Tá teannas dromchla ar leachtanna. Tá teannas dromchla cosúil le sórt craicinn nó scannáin a bhíonn ar dhromchla leachta ar nós uisce. Chun rud a ghlanadh, caithfidh tú fáil réidh leis an gcraiceann nó an scannán seo. Déanann sobal é seo mar briseann sé teannas an dromchla. Bain triail as an ngníomhaío­cht shimplí seo go bhfeicfidh tú.

Bunábhair:

• Báisín uisce • Leacht níocháin nó gallúnach leachtach • piobar meilte

Treoracha:

1. Croith piobar ar an uisce. Breathnaig­h cad a tharlaíonn. 2. Tabhair faoi deara go suíonn an piobar ar bharr an uisce. Tá sé ina shuí ar an ‘scannán’ nó ar an gcraiceann (teannas dromchla). 3. Doirt braon den ghallúnach leachtach isteach i lár an bháisín. Breathnaig­h cad a tharlaíonn. Ar thug tú faoi deara gur sciorr an piobar go himeall an bháisín? Tharla sé seo mar bhris an gallúnach an teannas dromchla agus scoilt sí é.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland