Dúshlán mór roimh Arsenal
5-1 a chríochnaigh an cluiche idir Bayern München agus Arsenal sa chéad chluiche i Sraith na Seaimpíní, agus tá go leor oibre le déanamh ag Arsenal chun an toradh a athrú timpeall agus áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais. Tabharfaidh siad aghaidh ar a chéile Dé Máirt seo chugainn i Staid Emirates ag 7.45 in. A Chúige Laighean, bígí airdeallach. Sin an teachtaireacht sa tsraith Pro12 ón tseachtain seo caite nuair a d’éirigh leis na Scarlets teacht aniar iontach a dhéanamh i gcoinne na Mumhan agus iad taobh thiar 21-6 ag leath-am.
Chríochnaigh siad an cluiche 30-21, le Cúige Mumhan ag cailliúint den chéad uair sa bhaile i mbliana.
Cailliúint
Tugann cailliúint na Mumhan deis do Chúige Laighean dul ar bharr an tábla agus beidh dúshlán rompu i gcoinne Scarlets san oíche Dé Sathairn, foireann atá ocht bpointe taobh thiar díobh sa cheathrú háit.
Is as baile a bheidh Cúige Mumhan Dé Sathairn chomh maith in aghaidh na Cardiff RUGBAÍ: GUINNESS PRO12 Cúige Chonnacht v Zebra; Cúige Uladh v Benetton Treviso, Dé hAoine @19.35 Cardiff Blues v na Mumhan, Dé Sathairn @ 17.15 Cúige Laighean v Scarlets, Dé Sathairn @19.35 Blues a fuair an lámh in uachtar ar Dhún Éideann an deireadh seachtaine seo caite. Bearna 50 pointe atá idir an dá fhoireann seo agus déarfainn go bhfeicfimid na Muimhnigh ar ais ag buachaint arís. Rinne na hUltaigh slad ar Zebre sa bhabhta dheireanach agus thiocfadh le Cúige Uladh dul níos faide suas an tábla le pointe bónais a aimsiú sa bhaile in adharca Benetton Treviso. Is sa dara háit ó íochtar an tábla a luíonn Treviso faoi láthair. Tabharfaidh Cúige Chonnachta aghaidh ar Zebre sa bhaile san oíche Dé hAoine. Fuair siad an pointe bónais in aghaidh Treviso an tseachtain seo caite agus beidh siad ag lorg an toraidh chéanna arís.