Irish Independent - Seachtain

Maigh Eo agus Áth Cliath an mórchluich­e

- GRÁINNE McELWAIN

Babhta a ceathair de Shraith Pheile Allianz a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo agus is é Áth Cliath i gcoinne Mhaigh Eo an cluiche is mó san oíche Dé Sathairn i Roinn a hAon.

Faoi láthair seasann Maigh Eo agus Áth Cliath sa dara agus tríú háit ar chlár na bpointí ar cheithre phointe an taoibh.

Níor chaill Áth Cliath cluiche fós agus iad tar éis comhscór a aimsiú i gcoinne Thír Eoghain agus Dhún na nGall. Tháinig Michael Darragh McAuley, Paul Flynn agus Kevin McMenamon isteach sa chluiche in éadan Dhún na nGall an tseachtain seo caite agus bí cinnte go bhfeicfimi­d foireann láidir in adharca Mhaigh Eo Dé Sathairn le leithéidí Dhiarmuda Connolly ar tí teacht ar ais leo chomh maith.

Cailleadh

Tá an chuma ar an scéal go mbeidh Ros Comáin ar ais i Roinn a Dó ag deireadh an tséasúir agus iad tar éis a dtríú cluiche a chailleadh as a chéile.

Ní raibh aon fhreagra acu do neart Mhaigh Eo i mbabhta a trí agus ní bheidh rudaí ag feabhsú dóibh in éadan Chiarraí Dé Domhnaigh.

Caithfidh Ciarraí buachaint fosta má tá aon seans acu na babhtaí ceannais a shroichint.

Chaill Ciarraí sa bhaile i gCill Airne, le Muineachán ag crochadh leo na bpointí chun dul ar bharr an tábla. Údar iontach buartha d’Éamonn Fitzmauric­e ná nár aimsigh Ciarraí scór ón imirt sa dara leath uilig ach fós ba chóir go mbeadh siad róláidir do Ros Comáin Dé Domhnaigh.

Cuireadh an cluiche idir Tír Eoghain agus an Cabhán ar ceal an tseachtain seo Sraith Peile Alliance Baile Átha Cliath v Mhaigh Eo, Dé Sathairn @19.00, Páirc an Chrócaigh caite de dheasca drochaimsi­re ach is san Ómaigh a bheidh Muineachán san oíche Dé Sathairn.

Ag tús na sraithe, ceapadh go mbeadh Muineachán i mbaol a ndícháilit­he ach a mhalairt atá i gceist faoi láthair le dhá chluiche buaite acu in adharca Mhaigh Eo agus Chiarraí agus chríochnai­gh an cluiche idir iad féin agus an Cabhán ar comhscór.

Barraíocht

Mothaítear go mbíonn Muineachán ag brath barraíocht­a ar Conor McManus ach sheas Jack McCarron, mac le iar-réalt Mhuineachá­in Ray, suas in aghaidh Chiarraí le 1-3 faighte aige.

Deacair a mheas cén dóigh a rachaidh an cluiche seo ach ní dóigh liom go mbeidh mórán eatarthu. Tabharfaid­h an Cabhán aghaidh ar Dhún na nGall ag a 7 in fosta san oíche Dé Sathairn.

Níl ach pointe amháin ag an Chabhán, le Dún na nGall pointe chun tosaigh orthu ar dhá phointe.

Mhothaigh na Conallaigh gur fágadh pointí ina ndiaidh i mBealach Féich agus seo deis acu tuilleadh a aimsiú anseo.

 ??  ?? Láidir: Paul Flynn in éadan Dhún na nGall
Láidir: Paul Flynn in éadan Dhún na nGall
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland