Uachtarán úr agus córas úr
Tá sé ráite go bhfuil sé i nádúr na nÉireannach suim a bheith acu i dtoghcháin, go háirithe iontu siúd a bhaineann le polaitíocht agus cúrsaí spóirt. Bhuel, bhí deireadh seachtaine den scoth acu an tseachtain seo caite le toghchán daonlathach i bPáirc an Chrócaigh agus scuaine de chluichí ar fud na tíre a bhain le comórtaisí coláistí, clubanna nó leis an réimse idirchontae.
Fágaimis na cluichí mar bíonn siad ‘ar an mbóthar’ nach mór i rith na bliana ar fad; ach ní hamhlaidh sin le toghchán chun comharba ar Uachtarán CLG a thoghadh mar ní bhíonn a leithéid ar chlár na Comhdhála ach aon uair amháin gach tríú bliain.
Bhí cáilíochtaí maithe don bpost ag gach duine des na hiarrthóirí, bhí suim mhór ag an bpobal sa ‘chluiche’ agus bhí suim speisialta ag lucht cearrbhachais ann. Is minic a chuala nach mbeadh léamh ag Arastatal féin ar aigne vótálaí ar tí vóta a chaitheamh.
Deineadh sin i bPáirc an Chrócaigh oíche Aoine seo caite agus ba é an Bleá Cliathach Seán Ó hÓráin a tháinig amach in uachtar. Níor chuir an toradh iontas ró-mhór ar éinne ach ní dóigh liom go raibh duine ná deoraí a chuir geall ar mhéid an tromlaigh a bheadh aige.
Tréaslaímid a ghaisce le Séan Ó hÓráin, Uachtarán Nuathofa Chumann Lúthchleas Gael.
Glacadh le mórán des na rúin a bhí ar chlár na comhdhála i mbliana ar chuma éigin. Níl amhras ar bith más ea faoi cé acu ceann díobh a chothóidh an méid is mó de chíoradh agus cumarsáid — an ceann a dhein leasú ar an múnla a leagann síos an bealach ar bhóthar Craoibhe Uile-Éireann.
Tuigimid córas an Chúldorais atá i réim le sé bliana déag: mar a chéile a bheidh i mbliana ach ón mbliain seo amach bainfear triail as múnla nua ó Chluichí Ceannais na gCúigí ar aghaidh.
Beidh ionad ag Curaidh na gCúigí i gcluichí leathcheannais Éireann ag an bpointe sin. Nuair nach mbeidh ach ocht bhfoireann fágtha tré chóras an Chúldorais roinnfear iad ina dhá mbuíon de cheathrar.
Ansin imreoidh na foirne i ngach buíon a chéile agus de bharr na gcluichí úd beidh ionad ar fáil ag an dá fhoireann in uachtar ins na ranna i mbabhta leathcheannais Éireann.
Is bealach eile é leis an gComórtas do Chraobh Uile-Éireann a réiteach agus is ar bhonn trialach trí bliana a rithfear é. Muna gcruthaíonn sé go maith ní peaca ná locht é gur baineadh triail as.
Ach is geall le peaca marfach é gan bheith sásta rudaí a thástáil ar bhonn trialach nó ar aon bhonn eile. Nach de bharr trialacha a shaolaítear bealaí nua go bhfuil fiúntas ag baint leo.