Am machnaimh de dhíth orainn
‘Go Réidh, a Bhean na dTrí mBó, As do Bhólacht ná bí Teann.’ íl mar theideal ar mhachnamh na seachtaine seo agam ach trí fhocal déag as dán a mholann foighne agus machnamh ag trátha áirithe ama.
Is dóigh liom go bhfuil ceann des na tráthanna sin beo beathaithe inár measc i láthair na huaire. Iarsmaí a gineadh go gairid tar éis clabhsúr a chur ar Chomhdháil CLG na bliana seo atá iontu.
Tá Cumann na nImreoirí Idirchontae in aighneas de shórt le hArd-Chomhairle CLG, cineál Cogadh na mBó Maol.
Tá roinnt contaetha ag gearán
Nfaoin leagan amach atá ar chúrsaí peile chun teacht ar an Oll-Ochtar a bhainfidh ionad amach i mbabhta ceathrú ceannais Uile-Éireann: n Tá brat dearg samhlaíoch á chrochadh in airde ag cuid des na contaetha go mbaineann an aidiacht ‘lag’ leo ag fógairt go bhfuil géarchéim ag bogadh ina dtreo le meon an Leoin sa tseilg; n Tá faitíos ar chuid de lucht na hiomána nach mbeidh an bhéim chéanna ar an gcluiche agus a bhíodh de bharr ollchlúdach ó na meáin chumarsáide ar eachtraí an Oll-Ochtair; n Tá naíonán go bhfuil tábhacht ag baint leis ar aon chéim le Cumann na nImreoirí Idirchontae — Cumann na nImreoirí Club — saolaithe; n Is geall le míorúilt é go bhfuil cumas coisíochta agus cainte ag an gcumann fíor-óg ag an bpointe seo.
Sea, is dócha go bhféadfaí cur leis an liosta mar níl i mo mhionchnuasach ach samplaí agus is cruthú an méid sin go bhfuil na haicmí go léir atá luaite ag cur a dtuairimí os comhair an phobail go haonaránach.
An gádh san a dhéanamh anois? Tá deireadh leis an gComhdháil agus cinneadh déanta go daonlathach ar na rúin a tháinig os comhair na dteachtaí.
Is féidir glacadh leis go bhfuil gach dream — bídís sásta nó míshásta — ag feidhmiú chun leasa CLG sa bhfadtéarma agus is iontach an tréith é an fhealsúnacht sin.
Cén fáth mar sin nach n-eagródh Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael sraith de chruinnithe chun na heireabaill a d’eascair as an gComhdháil a phlé go réchúiseach agus tionchar ar an dtodhchaí san aigne i gcónaí ag gach dream?
Is as a leithéid a thagann comhthuiscint agus céimeanna chun tosaigh, fiú amháin má bhíonn sé riachtanach corr leathchéim ar gcúl a thógaint anois agus arís.
Nach raibh ciall ag an bhfile a mhol do Bhean na dTrí mBó a bhí ró-uaibhreach as a stádas féin machnamh agus aird a thabhairt ar na mná nach raibh fiú an dá bhó ina seilbh?
Nár bhfiú bronntanas de ghamhain léimneach a scaoileadh isteach ina mbánta glasa?