Sléacht Néill
Tús maith leath na hoibre — seans gurbh é sin an méid a bhí peileadóirí Shléacht Néill ag smaoineamh faoi ag fágáil Pháirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo caite, tar éis lá stairiúil inar bhuaigh an fhoireann chamógaíochta Craobh Shinsear na hÉireann den chéad uair riamh.
Sráidbhaile beag is ea Sléacht Néill atá suite i ndeisceart Dhoire le thart fán 300 clann sa bhaile fearainn. Bunaíodh an club in 1953 ach is ó neart go neart atá sé tar éis dul ó shin, fiú ag cruthú staire i mbliana nuair a bhuaigh siad craobhacha Uladh i gcamógaíocht, iomáint agus peil.
Mar sin, ar Lá ’le Pádraig, tá deis ag peileadóirí an cheantair a gcuid den mhargadh a chomhlíonadh nuair a bhuailfidh siad leis na Crócaigh ó Chill Airne ag a 5in i bPáirc an Chrócaigh.
Cinnirí
D’éirigh le fir Dhoire Naomh Uinsionn, iarsheaimpíní club na hÉireann, a bhualadh 0-12 le 0-10 sa bhabhta leathcheannais, rud nach raibh mórán ag tuar ag an am.
Duine de na cinnirí is mó atá ag an fhoireann ná Chrissy McKaigue (ar dheis) agus léirigh sé a chumas an lá sin ag aimsiú 0-4 agus ag coinneáil Diarmuid Connolly fíorchiúin.
D’éirigh le McKaigue an cluiche a smachtú ón líne leathchúil agus is é an cnámh droma cosanta atá ag an fhoireann an bua is mó atá acu. Beidh le feiceáil an mbeidh leithéidí Choilm Cooper agus Kieran O’Leary ábalta an tsaoirse chéanna a chruthú dóibh féin mar a bhí ina mbua i gcoinne Chora Finne sa bhabhta leathcheannais eile.
Roimhe sin, feicfear cluiche ceannais stairiúil le Baile Aodha ón Chlár ag imirt in aghaidh Cuala, seaimpíní Laighean, ag a 3in. Níl ceachtar de na foirne seo tar éis craobh na gclub a bhaint cheana agus is iad Cuala an chéad fhoireann iomána as Áth Cliath a bheidh in iomaíocht do Chorn Tommy Moore Dé hAoine.
Las an lántosach Con O’Callaghan Craobh Laighean le Craobh Club na hÉireann Iomáint (3in): Baile Aodha v Cuala Peil (5in): Na Crócaigh v Shléacht Néill Dé hAoine, Páirc an Chrócaigh 6-10 aimsithe aige taobh istigh de thrí chluiche san fheachtas sin.
D’aimsigh sé 1-3 in adharca Shléacht Néill sa bhabhta leathcheannais agus ní rún é go gcaithfear stop a chur leis. Níos fusa a rá ná a dhéanamh mar is féidir leis na foirne eile go dtí seo a adhmháil.
Airdeallach
Beidh Baile Aodha airdeallach faoin tslí gur thit siad ina gcodladh i gcoinne Naomh Tomás as Gaillimh sa chluiche leathcheannais. Bhí siad 1-17 le 1-5 chun tosaigh sa 49ú bomaite nuair a ligeadh Naomh Tomás ar ais. D’éirigh le Niall Deasy 1-11 a aimsiú an lá sin le tionchar ó Tony Kelly lárnach ar an lá fosta. De réir na ngeallghlacadóirí níl mórán eatarthu ach cibé a tharlóidh Dé hAoine sa pheil agus san iomáint, cruthófar stair.