Níl an Eoraip in ann teacht ar go leor aistritheoirí
Ní raibh an tAontas Eorpach in ann 23 phost le haghaidh aistritheoirí Gaeilge a líonadh, a d’fhoghlaim Seachtain.
Tá comhstádas don Ghaeilge ina sprioc thábhachtach do lucht déanta beartais na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh (AE), ach tá an Eoraip ag streachailt le haistritheoirí Gaeilge atá cáilithe go cuí a fháil.
Tá Parlaimint na hEorpa ag dul ar aghaidh le gealltanas Eorpach agus Éireannach go ndéanfaí teanga iomlán oibre den Ghaeilge sa bhloc faoi 2022. Ach d’admhaigh an Pharlaimint go bhfuil sé deacair a theacht ar iarrthóirí leis na scileanna teanga a theastaíonn chun na pleananna uaillmhianacha sin a chomhlíonadh.
Bacainní
“Tá bacainní roimh Ghaeilgeoirí a fhostú, ina measc caithfidh aistritheoirí in institiúidí an AE pas a fháil sna concurs [na tástálacha a chaithfidh comhaltaí foirne an AE a dhéanamh chun post buan a fháil],” a dúirt Deirdre Clune, Feisire de Pharlaimint na hEorpa d’Éirinn Theas.
D’fhógair an Pharlaimint 26 phost nua i mbliana do Ghaeilgeoirí, d’earcaigh sí 14 chomhalta foirne ar conradh a labhraíonn Gaeilge agus caithfidh sí thart ar €3.7 milliún ar chostais aistriúcháin agus ateangaireachta.
Caithfear an t-airgead freisin ar oifigigh Gaeilge a chur faoi oiliúint agus ar shíntiúis le bunachair shonraí Ghaeilge chun an riachtanas nua teanga a comhlíonadh.
Ní chuirtear ateangaireacht ar fáil faoi láthair ach ó Ghaeilge go Béarla le linn sheisiúin iomlánacha na Parlaiminte in Strasbourg.
“Ceapaim má táimid dáiríre faoin nGaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach go dteastaíonn iarracht mhór chun níos mó aistritheoirí cáilithe a chur faoi oiliúint agus a chur chuig an mBruiséil,” a dúirt Clune.
“Fáiltím roimh an gcaoi ar chaith Rialtas na hÉireann níos mó ná €13 mhilliún chun líon na gcéimithe cáilithe atá in ann riachtanais earcaíochta an Aontais a chomhlíonadh a mhéadú, lena mbaineann tráinse nua maoinithe ar fiú €3.87 milliún é don tionscnamh seo.”
Muiníneach
Dúirt sí mar fhocal scoir: “Tá an Rialtas muiníneach go mbainfidh 677 mac léinn céim amach ó na cúrsaí sin suas go 2023 agus táim ag súil leis an lá a mbeidh aistritheoirí Gaeilge ar fud na háite sa Bhruiséil.”
Mí Lúnasa seo caite thuairiscíomar go raibh níos mó ná 200 duine tar éis cur isteach ar 62 phost mar aistritheoirí Gaeilge san Aontas Eorpach.
Ach ní raibh a ndóthain acu cáilithe.
Tá tuarastal tosaigh €52,000 ag na poist, atá lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.
Fostófar 180 aistritheoir le Gaeilge agus dhá theanga eile ar deireadh.
Teastaíonn iarracht mhór chun níos mó aistritheoirí cáilithe a chur faoi oiliúint’