Bua na cainte ag cailíní Choláiste Átha Luain!
Seo iad foireann shinsearach Choláiste Pobail Átha Luain tar éis dóibh Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh 2017 a thabhairt leo.
Bhí 1,000 scoláire ó fud fad na tíre i láthair i mBaile Átha Luain nuair a bhuaigh Fiona Ní Maolmhuaidh, Caitríona Ní Choisdealbha agus Áine Ní Shíocháin.
Ba iad Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach, Baile Átha Cliath, a bhuaigh an chraobh shóisearach.
Tá an-údar ceiliúrtha ag daltaí ó Bhaile Átha Cliath agus ó Bhaile Átha Luain tar éis dóibh Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh, 2017 a bhuachan.
Ba é an ócáid i mBaile Átha Luain buaicphointe na bliana den chomórtas a reáchtálann Gael Linn d’iar-bhunscoileanna agus bhí breis agus 150 foireann páirteach ann le bliain anuas.
Is é an rún a bhí á phlé sa chraobh shóisearach ná: ‘Is tír mhaith í Éire le cónaí inti’.
Bhí ríméad ar lucht tacaíochta Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach, agus ar an múinteoir Diarmuid Curraoin nuair a fógraíodh gurb ag a bhfoireann siúd a bhí an bua. Éacht eile díospóireachta déanta ar son na scoile ag na baill foirne – Maeve Rigney, Sorcha Pointon agus Luther Lyons – mar gurb iad foireann shinsearach na scoile a roghnaíodh mar churaidh ag craobhchomórtas 2016.
Sa díospóireacht shinsearach, ba é an t-ábhar a bhí á scagadh ag na foirne ná: ‘Ba cheart don Taoiseach diúltú don chuireadh chuig an Teach Bán ar Lá Fhéile Pádraig’.
Is iad foireann Choláiste Pobail Átha Luain – Fiona Ní Mhaolmhuaidh, Annie Ní Shíocháin agus Caitríona Ní Choisdealbha – a fógraíodh mar bhuaiteoirí.