Irish Independent - Seachtain

In aois a trí ,tá mo mhac ag cur aithne ar a sheanathai­r

- DÁITHÍ ÓSÉ

Bhí an leaid óg trí Lá ’le Pádraig, agus ní den gcéad uair le tamall go bhfuil an cheist — cá bhfuil an t-am sin imithe – curtha agam orm fhéin agus níl an freagra agam air. Is minic é ráite agam go imíonn an t-am níos tapúla na laethanta seo.

Bhíomar sa bhaile i gCiarraí le déanaí agus chuamar dtí an reilig chun m’Athair a fheiscint. Bhíomar ag rá leis an bhfear óg go bhfuil ‘Papa’ thuas ar Neamh.

‘Cá bhfuil Neamh,’ a dúirt sé? ‘Thuas sa spéir,’ a dúrt leis. ‘Sna scamaill?’ ‘Ní hea, níos faide in airde.’

Dhein an leaid óg ana-phointe — an bhfuil Papa anseo linn nó nach bhfuil?

Ag an bpointe sin ghlaoigh sé ar m’Athair teacht anuas ó Neamh agus dul ag spraoi leis. ‘Canathaobh ná dtagann Papa anuas chugam?’ an chéad cheist eile amach as.

Bhíos fhéin agus Rita ag féachaint ar a chéile agus bhíomar ag iarraidh é a mhíniú do. Bhí sé deacair é seo a dhéanamh agus bhí an bheirt againn ag siúl timpeall ar an gcomhrá agus ní raibh an fear bocht aon phioc níos eolaí ina dhiaidh!

Bheadh sé deacair a dhóthain é a mhíniú do dhuine fásta gan trácht ar leaid óg atá trí! Is minic ón lá sin go ndeireann sé go bhfuil Papa ag féachaint anuas ar mar aingeal agus go bhfuil sé ag tabhairt aire dó. Cuireann sé seo deoir le mo shúil!

Is iontach mar go bhfuil an leaid óg seo in ann an duine fásta a ghearradh anuas, is cuma cé chomh láidir atá an duine tá bogadh sa mhéid seo. Bogadh maith! Is minic a dearúdaim nár bhuail m’Athair riamh le Mícheál Óg. Is minic sinn ag caint ar m’Athair sa bhaile agus ag féachaint ar chlipeanna dó ar YouTube agus é ag seimint ceoil. Is breá leis an bhfear óg é seo.

Cé go bhfuil sé an-óg fós is dóigh liom go bhfuil a fhios aige go bhfuil ceangal láidir leis an bhfear seo le ceann mór bán air! Is ar éigean go gcuimhin liom mo sheanathai­r fhéin — athair m’Athar, Dainín Dan. Bhí mé cúig nó sé nuair a cailleadh é ach tá pictiúir agam agus mé ag suí ar a ghlúin agus mé i mo leanbh agus is breá liom a bheith ag féachaint air. Is minic go ndúirt le Rita gur trua nach bhfuil ceann againn le Maidhc agus Mícheál Óg. Ach sin an saol!

 ??  ?? Laoch: Athair Dháithí, Maidhc Dainín Ó Sé, le ceann dá chuid leabhar. Thíos, balún Mhíchíl Óig
Laoch: Athair Dháithí, Maidhc Dainín Ó Sé, le ceann dá chuid leabhar. Thíos, balún Mhíchíl Óig
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland