Irish Independent - Seachtain

‘Meaisín’ Bale ina chontúirt mhór d’Éirinn

- GRÁINNE McELWAIN

“Is meaisín agus lúthchleas­aí den scoth é Gareth Bale,” a d’admhaigh cóitseálaí na Breataine Bige Chris Coleman faoina réalta in agallamh ar na mallaibh.

Tá 26 chúl i 65 chluiche idirnáisiú­nta aimsithe aige le dhá cheann le dul aige sula mbeidh sé ar comhchéim le hiar-thosaí Learphoill agus Juventus Ian Rush a bhfuil 28 gcúl aige.

Go dtí seo tá ceithre chúl i gceithre chluiche faighte ag Bale (ar dheis) agus is dea-scéal mór é do mhuintir na Breataine Bige go bhfuil sé ar ais chuige féin don chluiche seo.

Chuir gortú rúitín isteach go mór ar Bale agus chuaigh sé faoi scian dó roimh an Nollaig. Is ar ais le Real Madrid atá sé ó mhí Feabhra ag aimsiú dhá chúl sna cúig chluiche a d’imir sé ann.

Easnamh

Mar aon le Aaron Ramsey atá ar fáil tar éis a bheith in easnamh don Bhreatain Bheag ó bhabhta ceathrú ceannais de chomórtas na hEorpa le gortú anuraidh — fuair Ramsey cúl do Arsenal ina gcluiche i gcorn an FA in aghaidh Lincoln City le déanaí.

Ach beidh an bheirt réidh nuair a thabharfai­dh siad aghaidh ar Éirinn i gcluiche a chaithfidh siad a bhuachaint chun an seans is fearr a thabhairt dóibh cáiliú do Chorn Sacair an Domhain, 2018.

Níl mórán taithí áfach ag an Bhreatain Bheag ar an chomórtas seo, agus ba é 1958 sa tSualainn an t-aon uair a d’éirigh leo dul chomh fada leis.

Faoi láthair seasann Éire ar bharr Ghrúpa D ar 10 bpointe leis an Bhreatain Bheag sa tríú háit le sé phointe.

Go dtí seo níor chaill Éire aon chluiche. Chríochnai­gh siad 2-2 i gcoinne na Seirbia, le buanna tochailte amach acu in adharca na Seoirsia, na Moldóive agus na hOstaire.

Ba iad an Bhreatain Bheag rogha na n-údar cáiliú go háirithe tar éis a dtaispeánt­ais i gCraobh na hEorpa anuraidh ag críochnú sa bhabhta leathchean­nais ach níl ach an Mholdóiv buailte acu go dtí seo.

Chríochnai­gh na cluichí leis an Ostair, an tSeirbia agus an tSeoirsia ar comhscór. Ainmníodh John Egan a imríonn le Brentford ar phainéal na hÉireann den chéad uair. Is mac é le laoch peile CLG Chiarraí John Egan nach maireann. Drochscéal ná go bhfuil neart gortuithe ag cur as d’Éirinn, ina measc Shane Duffy, Harry Arter agus Ciaran Clarke, le himní mhór faoi Cyrus Christie agus Richard Keogh.

Fionraí

Caillfidh Robbie Brady amach mar gheall go bhfuil sé ar fionraí. Seans fosta nach mbeidh James McCarthy ar fáil agus é gortaithe dá chlub Everton um i láthair, rud nach bhfuil a bhainisteo­ir Ronald Koeman ró-shásta faoi. D’fheilfeadh comhscór go mór d’Éirinn ach beidh sé deacair an Bhreatain Bheag a stopadh go háirithe agus Bale ar ais leo.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland