Irish Independent - Seachtain

Féasta Lá Fhéile Pádraig imithe

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

‘Cad a dhéanfaimi­d feasta gan Saoire Ceannais, Tá deireadh le Cluichí Ceannais an Earraigh, Níl aon trácht ar na clubanna ná a dteaghlaig­h Is ní chloisfear a gcling go brách.’

Bhíos i bPáirc an Chrócaigh ar an Aoine seo caite, Lá ’le Pádraig. Bhí sórt cumha orm ag fágaint na ‘háite beannaithe’ mar go raibh fhios agam go raibh deireadh ré sroiste.

Bhíomar imithe i dtaithí ar Chluichí Ceannais na gClub bheith ar chlár Phádraig dá lá féin ar an seachtú lá déag de Mhárta le stráice fada de bhlianta. Ach tá cinneadh déanta le tamaillín go mbeidh siad á n-imirt feasta tráth éigin roimh Lá Caille na hathbhlian­a. Táim i bhfabhar a leithéid de leasú ar chlár na gcluichí ach a Thiarna nach dtógfaidh sé cúpla bliain chun dul i dtaithí ar an gcóras nua?

Níl dul as dar liom ach é d’fhulaingt agus guí ar son pé comharba a bheidh orthu ar chlár Phádraig i Mí Márta na bliana seo chugainn.

Bhaineas ana-thaitneamh as Cluichí na gClub an lá cheana. Is cinnte go raibh a mbua tuillte go maith ag iománaithe Chuala. Chabhraigh an taithí a bhí acu ar chluichíoc­ht dá shórt i gcomparáid leis an méid a bhí ag Baile Aodha ón gClár.

Is dóigh liom freisin go raibh an ghéire a bhí in imirt na Muimhneach ó chuireadar tús le craobh chomórtas an Chláir imithe i bhfuaire agus is dócha nach aon iontas é sin.

Maidir le caighdeán na hiomána i bPáirc an Chrócaigh, cheapas go raibh sé sásúil seachas gné amháin — pocanna sleasa. Ach ní chuirfinn an milleán ar na himreoirí mar bhí an aimsir go hainnis agus leis an bhfliuchra­s ba dheacair an sliotar a ghearradh an-ard san aer.

Cad faoi fhearas nua a cheadú san imirt — ‘tí’ de shórt faoin sliotar mar a bhíonn sa ghalf — ar bhonn trialach dar ndóigh? Dála iománaithe Chuala, bhí a mbua tuillte ag Crócaigh Chiarraí in aghaidh Shleacht Néill Dhoire sa pheil. Ba léir le tamall siar go raibh painéal láidir imreoirí ag na Crócaigh agus i bhfad Éireann níos mó taithí ar chraobhach­a contae agus cúige a bhaint.

Tá sé ana-shuimiúil gur luaigh go leor den lucht féachana go raibh áthas orthu gur ghaibh Colm Cúipéir an bonn ba ghean leis — Craobh Club Éireann — lena chairde ó cheantar na gCrócach i gCill Airne. Agus ní ó Chiarraígh amháin a bhí an port ag teacht.

Is dócha gur comhartha é den urraim atá ag an bpobal do Cholm, fear a bhaineann sult as peil d’imirt de réir na rialacha bliain i ndiaidh bliana.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland