Irish Independent - Seachtain

I lar an anonaigh

Tá an múinteoir Emma Ní Nualláin as Cill Chainnigh ar shos gairme don bhliain chun taisteal timpeall an domhain lena fear céile Oisín Mac Cinnéide

- Le Emma Ní Nualláin

Tar éis coicíse a chaitheamh i gCúba, d’eitlíomar go Meiriceá Láir ar feadh sé seachtaine. Chuamar go dtí an Bheilís agus Guatamala in 2015 agus thaitin na tíortha sin go mór linn. Bhíomar ar bís mar sin filleadh ar an gcuid seo den domhan, agus chuireamar tús leis an mbabhta taistil seo sa tír is mó i Meiriceá Láir — Nicearagua.

Is í an Spáinnis an teanga ann agus tá dhá airgeadra in úsáid acu — a gceann féin, an Cordoba, agus an dollar Meiriceána­ch. (Tá luach 30 Cordoba ar dhollar amháin.)

Thuirlingí­omar sa phríomhcha­thair, Managua, ach dúradh linn gan fanacht ann toisc go bhfuil an áit ina chíor thuathail — rud a bhí an-soiléir dúinn ag tiomáint tríd! Fuaireamar tacsaí go dtí baile León ar dtús i dtuaiscear­t na tíre. Tá an baile seo lán de shráideann­a beaga agus foirgnimh le mórphictiú­ir tarraingth­e orthu. Tá cearnóg mhór ann sa lár ina bhfuil an Catedral de León — séipéal ollmhór a tógadh breis is 200 bliain ó shin.

An príomhfáth a ndeachamar go León ná chun tabhairt faoin eachtra ‘Volcano Boarding’ ar an mbolcán Cerro Negro. Is gníomh dochreidte é seo atá an-difriúil ó rud ar bith eile a rinneamar riamh. Tugtar clár adhmaid duit le suí air agus sleamhnaío­nn tú síos an sliabh ar fad faoi mar a dhéanfá sa sneachta — seachas go bhfuil tú ag sleamhnú síos ar luaithreac­h ó bholcán beo!

Chuamar ann le comhlacht turasóirea­chta ar chúl veain oscailte. Thug na treoraithe clár, culaith spóirt agus buidéal uisce dúinn nuair a shroicheam­ar bun an bholcáin, agus ar aghaidh linn!

Caithfidh tú an bolcán a dhreapadh ar dtús le do chlár ach is siúlóid réasúnta éasca é. Is féidir an bolcán beo a fheiceáil nuair a shroichean­n tú barr an tsléibhe le deatach fós ag spalpadh uaidh, agus tá an talamh fút chomh te gur féidir ubh a fhriochadh air!

Ansin, shuíomar ar ár gclár agus chuamar síos an sliabh ar luas lasrach — is beag smacht a bhíonn agat toisc nach bhfuil ach do dhá chos agat mar choscáin, ach is mór an spraoi a bhíonn i gceist leis! Thóg sé 45 nóiméad orainn siúl ó bhun go barr ach ní rabhamar ach cúig nóiméad ag teacht anuas ar na cláir!

Chuamar ar aghaidh ansin go Granada — baile álainn i lár na tíre atá lán de sheanséipé­il, margaí, bialanna blasta — agus d’aimsíomar beár Éireannach fiú darb ainm O’Shea’s! Tá clú ar an loch ansin freisin mar gheall ar an méid oileáin bheaga atá ann. Is féidir turas bád a dhéanamh timpeall na n-oileán nó dul ag cadhcáil ar an loch. Ní raibh ach lá amháin againn anseo ach is cinnte go bhfillfimi­d.

Is é Loch Nicearagua an loch is mó i Meiriceá Láir, agus tá os cionn 400 oileán ann. Is é oileán Ometepe an ceann is mó acu. Tá dhá bholcán ar an oileán seo chomh maith le cúpla baile beag. Chuamar ann ar bhád agus ansin thóg ‘tuk-tuk’ muid chun ár mbrú óige. Is annamh a fheicfeá carr ar an oileán seo; cé go bhfuil an

t-oileán 31 km ar fad, is ar rothar, capall, tuk-tuk nó a gcosa féin a thaisteala­íonn muintmó. timpeall den chuid is mtepe go mór

Thaitin oileán Omehomh ciúin linn toisc é bheith chíl fuaimeanl agus suaimhneac­h. Nann in aon na tráchta le cloisteáil­onn tú ag siúl chor, agus nuair a bhíosteáil ach na cois bóthair, níl le cloisaoth, agus na crainn ag bogadh sa ghahidí dúchasae hainmhithe agus feith lena chéile! cha i mbun comhráite har a bheith Tá muintir na háite thhar a bheith cairdiúil anseo freisin agus má tá an

t-ádh leat tabharfaid­h siad banana duit ó cheann dá gcrainn agus tú ag siúl thar a dtithe!

Iséa n rud is mó le déanamh ann ná ceann de na bolcáin a dhreapadh. Is féidir tabhairt faoi seo i d’aonar ach moltar treoraí áitiúil a thabhairt leat ionas nach n-éireoidh tú caillte sa dufair ar an mbealach chuig an mbarr. Bhíomar an-sásta é seo a dhéanamh ar aon nós, mar thug ár dtreoraí an-chuid eolais dúinn faoi na feirmeacha a siúlamar tríothu, chomh maith le heolas faoin nádúr agus na hainmhithe dúchasacha a chónaíonn ann.

Taispeánad­h plandaí ríse, arbhar, piseanna agus pónairí dúinn ar an mbealach, agus bhí oibrithe na feirme ann ag an am céanna, ag baint na bplandaí chun iad a thriomú agus ag ullmhú chun iad a dhíol. Nuair a bhíomar níos doimhne sa dufair, bhí an t-ádh linn súil a leagadh ar dhá chlann moncaithe agus iad ag luascadh tharainn sna crainn!

Moncaithe rua uallacha nó ‘howler monkeys’ a bhí iontu, agus lig siad cúpla béic an-ghlórmhar astu nuair a chuala siad muid.

Bhí an leathuair dheireanac­h den siúlóid an-ghéar ar fad agus bhíomar araon ag cur allais go trom — ach is cinnte gurbh fhiú go mór an dreapadh crua sa teocht ard, mar bhí radhairc áille le feiceáil den oileán ag an radharcpho­inte ar an mbarr.

I ndiaidh dúinn teacht anuas ón mbolcán, bhí sos de dhíth orainn agus thóg ár dtreoraí muid chuig an fuarán nádúrtha, Ojo de Agua. Is linn snámha nádúrtha é seo atá lonnaithe sa dufair ar oileán Ometepe. Tá an t-uisce glan agus trédhearca­ch, agus b’fhaoiseamh iontach í an linn fhionnuar seo tar éis bolcán a dreapadh i dteocht 30C. Tá beár beag ann chomh maith ina ndíoltar deochanna i gcupán déanta de chnó cócó; is cinnte gur áit dheas í le do scíth a ligean!

Bhogamar ar aghaidh ansin go deisceart na tíre chuig an mbaile tonnmharca­íochta San Juan del Sur. Is baile cois farraige é seo ar chósta an Aigéin Chiúin. Bhíomar le ceithre oíche a chaitheamh ann, ach thaitin an áit an méid sin linn gur fhanamar trí oíche bhreise!

Tá rogha mhór tránna tonnmharca­íochta ann agus is féidir trá a roghnú ag brath ar do chumas surfála. Is féidir clár a fháil ar cíos ó cheann de na siopaí tonnmharca­íochta sa bhaile, agus ansin tugtar síob duit chuig do rogha trá don lá. Tá tonnta deasa ann agus tá an fharraige deas te ann agus ní gá culaith uisce a chaitheamh. Bhaineamar ansult as na tonnta anseo, agus b’athrú an-deas é ó bheith ag crith leis an bhfuacht i mbun tonnmharca­íochta in Éirinn!

Tá atmaisféar álainn, réchúiseac­h le mothú timpeall an bhaile in San Juan del Sur. Tá go leor caiféanna agus bialanna an-bhlasta ann agus cuma an-ealaíonta orthu ar fad — rud nach bhfuil ar fáil go forleathan sa tír. Ní féidir tonnmharca­íocht a dhéanamh ar an trá i lár an bhaile, ach is áit dheas í le bheith ag sú na gréine, agus tá go leor beár suite ann a bhíonn gnóthach idir lá is oíche.

Is baile an-sóisialta é San Juan del Sur agus is áit iontach é le bualadh le turasóirí eile agus scéalta a mhalartú. Ar cheann de na heachtraí seachtaini­úla is mó sa tír ar fad tá ‘Sunday Funday’ agus tarlaíonn sé sin in San Juan del Sur. Tá clú agus cáil ar an ócáid seo timpeall Mheiriceá Láir ar fad, agus bíonn sé ar siúl gach Domhnach in San Juan del Sur.

In áit ‘pub crawl’, is ‘pool crawl’ atá i gceist, agus is cóisir é a mhaireann an lá iomlán! Tosaíonn an spraoi ag a haon san iarnóin agus maireann sé níos mó ná 12 uair an chloig! Bogann an chóisir go dtí trí láthair éagsúla i rith an lae; brúnna óige atá iontu agus tá linn snámha ag gach ceann acu. Tá beár, linn agus DJ (a bhíonn ag seinm ceol ard) sna trí áit. Bíonn an-chraic i gceist leis an lá ar fad agus is bealach iontach é le bualadh le daoine eile agus cóisir cheart a bheith agat!

Is féidir eolas breise a fháil faoi Nicaragua agus ár gcuid taistil ar ár mblag gaeltrip.wordpress.com, nó ar ár gcuntais Facebook agus Instagram faoi @gaeltrip.

 ??  ?? Géill slí: Emma agus Oisín lena gclár ar an mbolcán Cerro Negro
Géill slí: Emma agus Oisín lena gclár ar an mbolcán Cerro Negro
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland