ÓMÓS LEATHANACH 2
Tá an tír ar fad faoi bhrón an tseachtain seo, ar ndóigh... Fuair Dara Fitzpatrick, a bhí mar chaptaen ar héileacaptar Rescue 116 an Gharda Cósta, bás agus í daichead is a cúig bliana d’aois. Thit an héileacaptar anuas in Iarthuaisceart Mhaigh Eo Dé Máirt seo caite.
B’as Cill Tiarnáin i mBaile Átha Cliath ó dhúchas Dara agus bhí breis agus 20 bliain caite aici leis an tseirbhís ‘Aimsigh agus Tarrtháil’ agus breis agus 800 tarrtháil déanta aici. Bhí ceathrar ar an héileacaptar ach níor aimseoidh coirp an triúir eile go fóill.
Nach laoch de chuid na hÉireann í? In 2010, bronnadh duais ar Dhara as píolóta a shábháil ó eitleán ar Mhuir Éireann. In 2014, bhí sí mar chaptaen ar an chéad turas Garda Cósta lán ban nuair a d’eitil sí féin agus a comhghleacaithe othar cairdiach ó Iarthar Chorcaí go hOspidéal na hOllscoile, Corcaigh agus ansin d’aistrigh siad páiste cúig bliana d’aois a bhí an-tinn go hOspidéal Leanaí Shráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath.
Briseadh croí don tír ar fad atá ann duine chomh cumasach le Dara a chailleadh... Tá mac óg Dara, Fionn, anois ina dhílleachta arís den dara huair ach deir a muintir go mbeidh neart tacaíochta ann dó.
“D’uchtaigh sí gasúr óg trí bliana ó shin agus ba é an rud b’ansa léi sa saol seo... tógfaimidne Fionn mar ba dhúil le Dara é,” arsa Mary, máthair Dhara.
Ní bheidh a leithéid ann arís... Bhí na céadta bailithe i Séipéal Phádraig i mBaile Átha Cliath don tórramh. Bhí an Taoiseach i láthair, ag taisteal go díreach ón aerfort i ndiaidh dó filleadh ó Mheiriceá, agus bhí an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ann. Is cuí gur Banríon na Spéire an t-ainm a bhí ar héileacaptar Dhara agus is cinnte go bhfanfaidh sí inár gcuimhne go deo.