Cosaint Ainmhithe
In eagrán na seachtaine seo caite, léigh tú faoi ainmhithe agus conas aire a thabhairt dóibh. Léigh tú freisin gur gá smaoineamh go cúramach sula ndéanann tú cinneadh peata a thabhairt abhaile chun an tí. Is minic nach n-éiríonn le húinéir ar chúis amháin nó ar chúis eile aire cheart a thabhairt d’ainmhí. Uaireanta ní féidir leis an úinéir smacht a chur ar an ainmhí. Uaireanta eile, éiríonn an t-úinéir bréan den obair a bhaineann leis an ainmhí: glanadh, ag ceannach bia agus ag tabhairt bia, ag dul ar shiúlóidí agus araile. Uaireanta, tarlaíonn sé go bhfuil ar an úinéir seal a chaitheamh in ospidéal nó thar lear agus ní féidir leis/léi aire a thabhairt don ainmhí sa chás sin. Uaireanta tarlaíonn sé go bhfuil an t-ainmhí torrach agus níl an t-úinéir in ann déileáil leis sin. Is mar gheall ar na cúiseanna thuas luaite go bhfuil an charthanacht, Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe (ISPCA), ann. Bunaíodh an cumann seo i 1949. Is mór an trua go bhfuil gá lena leithéid de charthanacht ach tá áiteanna dídine d’ainmhithe lonnaithe timpeall na tíre chomh maith. An ról atá ag Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe ná: • Leas ainmhithe a chur chun cinn • Cosc a chur ar chruálacht d’ainmhithe • Faoiseamh a thabhairt d’ainmhithe atá ag fulaingt Tá Ionad Náisiúnta na nAinmhithe lonnaithe i Lóiste Dhoire gClochair, Caonach, Co. an Longfoirt. Is féidir turas scoile a eagrú chun na háite seo agus inseoidh siad duit faoin obair iontach a dhéanann siad. Is féidir foghlaim faoi na hainmhithe atá faoina gcúram agus conas a éiríonn leo úinéirí nua a fháil do na peataí. Uaireanta faigheann an cumann eolas go bhfuil drochíde faighte ag ainmhí nó ainmhithe ar fheirm. Sá chás sin, téann cigirí amach chun na háite chun fianaise a aimsiú. Chun a thuilleadh eolais a fháil ar Ionad Náisiúnta na nAinmhithe, is féidir glaoch orthu ar 043 3325035 nó má theastaíonn uait gníomhaíocht tiomsaithe airgid a eagrú is féidir ríomhphost a sheoladh chuig fundraising@ispca.ie