Irish Independent - Seachtain

Níor chóir duit ach ól uair sa mhí: saineolaí

- Le Sinéad Nic Con Rí

Ní mór d’Éireannaig­h a dteastaíon­n uathu a bheith níos aclaí a thuiscint nár cheart dóibh ach cúpla deoch a ól uair sa mhí, a d’fhógair saineolaí.

Deir an cóitseálaí agus saineolaí bia Alan Williams (thíos) nach n-éiríonn le go leor Éireannach ina gcuid oibre mar gheall ar an ól.

Is é an t-alcól, a deir sé, “an eilifint sa seomra” do mhuintir na hÉireann — fiú iad siúd atá i mbun traenála d’imeacht 10k, maratóin nó trí-atlain.

“Bíonn an ‘cúpla deoch’ sin uafásach do do chuid spriocanna gan amhras. Calraí folmha a bhíonn in alcól agus bíonn go leor siúcra ann go hiondúil,” a dúirt sé.

Fíon

Cé go mbíonn 200 calra i bpionta lágair, bíonn 225 chalra i ngloine mhór fíona amháin. Bíonn 675 chalra i mbuidéal fíona agus 205 chalra i bpionta leanna dhuibh.

Is é an chiondáil laethúil mholta d’fhir 2,500 calra agus do mhná 2,000; mar sin is féidir leis an ‘gcúpla deoch’ sin an chuid is mó den chiondáil a ghlacadh do go leor daoine. “Má tá duine éigin ag ithe agus ag traenáil chun cúpla punt a chailleadh go sláintiúil, is dócha go bhfuil sé nó sí ag oibriú ar easnamh de 300-400 calra in aghaidh an lae. Thar chúig lá, sin thart ar 1,500 calra ar leataobh,” a dúirt sé.

“Ach más ionann an ‘cúpla deoch’ sin agus cúig phionta, sin 1,000 calra. Agus nuair atá an t-ól istigh beidh bia uait freisin.

“Mar sin seans maith go n-íosfaidh tú béile atá lán de chalraí ar an mbealach abhaile. Agus leanfaidh an modh itheacháin sin ar aghaidh an chéad lá eile freisin faraor.” Má ólann tú alcól, éiríonn tú díhiodráit­ithe agus bíonn an traenáil níos deacra. Beidh an leibhéal siúcra i do chuid fola íseal freisin, mar sin ní bheidh an fuinneamh agat an tairbhe chéanna a bhaint as do sheisiún.

“Ní iarrfainn ar aon duine éirí as an alcól go hiomlán, tuigim go bhfuil scíth agus taitneamh a bhaint as an saol tábhachtac­h freisin. Ach mholfainn nár cheart an ‘cúpla deoch’ a bheith agat ach b’fhéidir uair sa mhí, seachas gach deireadh seachtaine,” a dúirt sé.

Aclaí

“Ach ní féidir le daoine a dteastaíon­n uathu a bheith aclaí an dá thrá a fhreastal. Cinnte ba cheart do dhaoine deoch a bheith acu ó am go chéile... ach má bhíonn deoch acu gach deireadh seachtaine, tá siad ag snámh in aghaidh easa.”

Tháinig a rabhadh i ndiaidh tuarascála­cha nua faoin ól anseo.

Dúirt suirbhé ó Éire Shláintiúi­l go bhfuil barraíocht óil ar bhonn rialta coitianta i measc an daonra ar fad.

Tá Éire ar bharr an tábla de 25 thír freisin maidir le daoine a bheith ag ól sa bhaile sula dtéann siad amach istoíche.

‘ Mholfainn nár cheart an ‘cúpla deoch’ a bheidh agat ach b’fhéidir uair sa mhí’

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland