PAISEAN AGUS MUINÍN AG IMREOIRÍ LOCH GARMAN
Ráta oibre crua, féinmhuinín den scoth agus ní imríonn siad ródhona ach an oiread. Cloistear go minic — níl ann ach an tsraith — ach abair sin le hiománaithe Loch Garman agus iad tríd go dtí na babhtaí leathcheannais de Shraith Iomána Allianz den chéad uair le deich mbliana.
Is rud iontach é muinín, paisean agus spreagadh agus is cinnte go bhfuil a leithéid agus níos mó ag Davy Fitzgerald a bhfuil moladh mór tuillte aige as an dóigh a bhfuil Loch Garman ar ais i Roinn 1A ina chéad bhliain i gceannas.
D’aithnomar an t-athrú meoin sin i mbabhta leathcheannais na sraithe nuair a d’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Chill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin 2-18 le 0-19.
Aclaí
Cuimhnigh gur chaill siad in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais Chraobh Laighean in 2015 le 24 chúilín — ach tá cuma i bhfad níos aclaí ar Loch Garman i mbliana, le meon níos láidre acu chomh maith.
Mhothaigh mé féin go raibh an baol ann go gcoinneodh Loch Garman a gcluiche siar in aghaidh Chill Chainnigh agus iad ag smaoineamh ar an chluiche a d’fhéadfadh tarlú sa chraobh sa samhradh eatarthu. Ach níor tharla sin agus ní dóigh liom go mbeidh aon ní faoi cheilt acu ach an oiread i gcoinne Thiobraid Árann Dé Domhnaigh.
Seans maith go bhfeicfimid Brendan Maher ag imirt tar éis do ghortú gualainne cur as dó i gcluichí deireanacha na sraithe in adharca Chill Chainnigh agus Chorcaí.
Ainmníodh foireann fíorláidir in éadan Uíbh Fhailí sa bhabhta ceathrú ceannais coicís ó shin, cluiche a bhuaigh Tiobraid Árann go furasta, agus ba chóir go bhfógrófaí foireann láidir arís Dé Domhnaigh le leithéidí Chathail Barrett a bhuaigh gradam Sárimreora ar ais leo.
Tá Patrick “Bonnar” Maher ar ais chomh maith tar éis a bheith amuigh sa tSiria leis an arm.
I bPáirc na nGael, imreoidh Gaillimh agus Luimneach in aghaidh a chéile, an dá fhoireann a bhí mar rogha na n-údar a bheith i lár an aonaigh d’ardú céime
Sraith Iomána Allianz — Cluichí Leathcheannais Roinn 1 Gaillimh v Luimnigh, Páirc na nGael, Luimneach, Dé Domhnaigh @14.00 Loch Garman v Thiobraid Árann, Páirc Uí Nualláin, Cill Chainnigh, Dé Domhnaigh @16.00
ag tús na sraithe. Ní mar a shíltear a bhítear agus feicfear an dá fhoireann i Roinn 1B in 2018. Ar aon nós, seo deis dóibh an cluiche ceannais a shroichint.
Aisteach
Taispeántas aisteach a bhí ag Gaillimh ina mbua ar Phort Láirge. Níor thosaigh siad go maith ach bhí teacht aniar dochreidte acu agus iad deich gcúilín taobh thiar sa dara leath a bhuíochas le Joe Canning a d’aimsigh 1-10. Arís, beidh le feiceáil cén fhoireann a fheicfimid ó na Gaillimhigh Dé Domhnaigh. Chas Luimneach agus Gaillimh le chéile níos luaithe sa tsraith, nuair a bhuaigh Gaillimh 0-24 le 1-18. Ba é 2006 an uair dheireanach a bhí Luimneach sa chluiche ceannais i Roinn 1.