Irish Independent - Seachtain

PRÓIFÍL LEATHANACH 2

COLM CÚIPÉIR PEILEADÓIR CHIARRAÍ

-

Cúig bliana déag i lár an ghoirt, ach cé hé an Gooch? Is as Cill Airne i gCiarraí do Cholm Cúipéir nó an Gooch mar is fearr aithne air. Chaith sé a óige ag imirt peile lena chlub áitiúil na Crócaigh agus bhuaigh sé Craobh Peile na hÉireann leo i mbliana den chéad uair nuair a scóráil Colm cúl agus dhá chúilín. D’imir Colm do Chiarraí den chéad uair in 2000 leis an fhoireann mionúr agus in 2002 d’imir sé a chéad chluiche sinsir do Chiarraí sa tsraith. B’in an tús le haistear caithréime­ach. An bhfuil go leor spáis ina theachsa do na boinn ar fad? Don chlub, tá cúig bhonn do Chraobh Chiarraí aige, cúig bhonn do Chraobh na Mumhan agus bonn Chraobh na hÉireann amháin. Chomh maith leis sin tá deich mbonn aige i gCraobh na Mumhan don chontae, ceithre bhonn don tSraith agus cúig bhonn do Chraobh na hÉireann. Anuas air sin ar fad, fuair sé ocht nduais mar Shárimreoi­r Peile na Bliana. Dia dár sábháil, caithfidh go bhfuil stóras faoi leith aige dóibh ar fad sa chúlghaird­ín!

Cuireann sé féin béim faoi leith ar an bhua a bhí ag Ciarraí i gCraobh na hÉireann in 2004. “Nuair a chonaic mé aghaidhean­na mo thuistí... ní bhfaighfeá sin fiú da mba mhilliúnaí thú! Ní féidir é a cheannach, ní féidir luach a chur air.” Agus cén fáth a dtugtar an Gooch air? Tá a fhios againn ar fad gurb é sin an cheist is mó ar ár bpaidrín. De réir cosúlachta, bhaist an cúl báire Peter Ó Briain ar Cholm é. Bhí bábóg ann sna hochtóidí darbh ainm an Gucci Doll (ar chlé). Bhí gruaig rua ar an bhábóg cosúil le Colm féin. D’úsáid Peter an t-ainm lá amháin agus d’fhan sé leis don chuid eile dá shaol. Cad é atá i ndán don Ghooch anois? D’imir sé 85 chluiche craoibhe le Ciarraí agus is é an scórálaí is mó i gcluichí craoibhe é le 23 chúl agus 282 chúilín ach níl deireadh leis go hiomlán. Deir sé go mbeidh sé ag leanúint leis ag imirt leis na Crócaigh agus go mbeidh sé ina thacadóir dílis do Chiarraí i mbliana agus iad ag tabhairt faoin chraobh peile. Is cailliúint mhór é Colm ar ndóigh mar glactar go forleathan leis go bhfuil sé ar cheann de na peileadóir­í is fearr riamh. Ach is léir go bhfuil beocht go fóill ag Ciarraí i ndiaidh dóibh an lámh in uachtar a fháil ar Bhaile Átha Cliath chun an tsraith a bhaint Dé Domhnaigh. Is léir go bhfuil lorg an Gooch le feiceáil i stíl imeartha Chiarraí go fóill.

— NAOISE Ó CAIREALLÁI­N

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland