Irish Independent - Seachtain

Bhí an Gooch ar nós tuismitheo­ra a bhí linn i gcónaí in am an ghátair

-

Tá breis agus seachtain ann anois ó d’fhógair an Gooch go raibh sé ag éirí as imirt le Ciarraí agus níl an brón imithe uainn (uaim) go fóill.

Bhí Gooch díreach ar nós tuismitheo­ra, ann dúinn i gcónaí nuair a bhíomar le sábháil, ann dúinn in am an ghátair!

Is dóigh liom go raibh an díomá chéanna orainn nuair a d’fhág Maurice Fitzgerald. Bhí sé sin ar nós bás sa chlann agus is amhlaidh an uair seo.

Bhíos ag labhairt le Pat Spillane ar an gclár fé agus dúirt Pat fhéin go raibh sé ar dhuine dos na himreoirí is fearr dá raibh riamh ann — é seo ag teacht ó dhuine go bhfuil ocht mbonn Uile-Éireann aige dála an scéil!

Is cuimhin liom cloisint ó leaideanna na Gaeltachta a bhí le Ciarraí ag an am go raibh ‘Maradona’ d’imreoir ag teacht agus ní rabhadar mícheart.

Bhí imní ann ag an dtús go mbeadh sé ró-thanaí nó ró-lag an traschur a dhéanamh go dtí na sinsir ach bhí sé soiléir ón gcéad lá ná beadh aon fhadhb leis seo.

Bhí an Gooch ar shlí ar nós rinceora, bhí sé sna cosa aige. Má thugann sé fé Dancing with the Stars fé mar a dhein Aidan O’Mahony ní bheidh aon bhaol air!

Sna cosa céanna bhí an lúbadh agus an casadh — sin an bealach éalaithe a bhí ag an bhfear nuair a bhí an chaid aige agus nuair a bhí sé ar teitheadh.

Ceann dos na rudaí fén nGooch ná go bhfuil sé chomh deas mar dhuine ón bpáirc is a bhí sé ar fheabhas mar imreoir. Bhí agus tá am ag an bhfear seo do gach éinne.

Is minic go dtug sé uair an chloig tar éis cluiche ag tógaint pictiúirí le daoine agus ag caint leo. Is fear ciúin é agus níor cheap sé riamh gur réalta a bhí ann agus sin ceann dos na cúiseanna go raibh agus go bhfuil go fóill daoine chomh mór sin leis.

Ag teacht i dtreo an deiridh ní raibh ach bonn amháin éalaithe uaidh agus bhain sé an mullach sin amach Lá ’le Pádraig len chlub Crócaigh Chill Airne. Ní hamháin go raibh muintir an bhaile sin sásta ach bhí an tír ar fad — agus is don nGooch a bhíodar sásta!

Níor bhuaileas leis ach aon uair amháin — an gcreidfeá é sin? — agus sin nuair a bhíos ag obair i bPáirc an Chrócaigh mar MC agus dheineas agallamh leis ar an dtaobhlíne. Labhair sé liom mar go raibh aithne aige orm le blianta. A Ghooch — ní bheidh rudaí mar a bhí arís agus níl ach rud amháin le rá agus sin go raibh míle a bhuachaill, bhís ar fheabhas!

 ??  ?? An beart déanta: Colm le Corn Mhig Uidhir i bPáirc an Chrócaigh in 2014
An beart déanta: Colm le Corn Mhig Uidhir i bPáirc an Chrócaigh in 2014
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland