Gradam mór bronnta ar chraoltóirí Raidió na Life
Bhí an bua ag craoltóirí Raidió na Life Dónal Ó Catháin agus Oisín Ó Catháin sa rannóg Raidió Trí Ghaeilge ag gradaim Smedias 2017.
Bronnadh an gradam ar an mbeirt mhac léinn ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, atá ina láithreoirí ar an gclár Craic Uí Chatháin gach Luan ó 6-7in, ag searmanas bronnta i Staid Aviva.
Arsa Dónal agus Oisín: “Tá ríméad an domhain orainn a bheith ag fáil an ghradaim seo. Ainmníodh sinn i measc craoltóirí cumasacha, cuid mhaith acu ón stáisiún céanna linne i Raidió na Life.
“Bhí sé iontach aitheantas a fháil i measc phobal na meán Gaelach agus na meán náisiúnta. Rinneamar vox pop le Cian Mac Cárthaigh (iar-Chlár-Reachtaire Raidió na Life) ag tús na hoíche, agus ní rabhamar ag súil go mbeadh an duais againn níos déanaí san oíche! Is breá linn go háirithe an tsaoirse a thugann RnaL dúinn a bheith ag déileáil le réimse leathan topaicí. Bíonn ábhair throma agus éadroma araon inár seó, chomh maith le ceol ailtéarnach agus neamhchoitianta den uile sheánra. Ní fhéadfaí a leithéid de rud a dhéanamh ar stáisiún tráchtála Béarla!”
Arsa Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life: “Táimid thar a bheith bródúil as Dónal agus Oisín as an ngradam seo a bhuachaint. Beirt láithreoirí óga le tallann agus beocht iontach is ea iad.
“Clár den scoth is ea Craic Uí Chatháin agus é ar cheann de bhuaicphointí na gclár atá curtha i láthair ag mic léinn ollscoile ar an stáisiún.”
Is iad na Smedias na gradaim náisiúnta bhliantúla d’iriseoireacht mhic léinn tríú leibhéal na tíre.
Ainmníodh beirt chraoltóirí deonacha eile de chuid Raidió na Life sa rannóg Raidió trí Ghaeilge freisin: Ailbhe Ní Riain, mac léinn a chuireann an Meangadh Mór i láthair, agus Aindriú de Paor a bhíonn le cloisteáil ar an mBricfeasta Blasta.