Irish Independent - Seachtain

Lá na ndearbaith­e

- GRÁINNE McELWAIN

Babhta a 20 de shraith rugbaí Pro12 a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo agus le trí bhabhta fágtha go dtí na babhtaí leathchean­nais, tá coimhlint fós ann ag roinnt de na foirne chun a bheith iomaíoch dó.

Dearbaí mór idir na foirne a bheidh ar siúl ach beidh go leor ag coinneáil súil ar cad é mar a éireoidh leis na Ospreys as baile in aghaidh na Cardiff Blues agus na Scarlets ag taisteal go Staid Principali­ty in éadan na Newport Gwent Dragons.

Bhuaigh

Ag seasamh amach tá an cluiche idir Cúige Mumhan agus Cúige Uladh i bPáirc Thuamhan tráthnóna Dé Sathairn.

Bhuaigh an Mhumhain i gcoinne Ghlaschú 10-7 an tseachtain seo caite agus iad sa RUGBAÍ PRO12 Dé Sathairn An Mhumhain v Chúige Uladh, Páirc Thuamhan, Luimneach @15.00 Cúige Chonnacht v Chúige Laighean, Sportsgrou­nd, Gaillimh @19.35 dara háit ar chlár na bpointí faoi láthair. Ach caithfidh Cúige Uladh baint chun an ceathrú háit ar an tábla a chinntiú. Tá siad féin agus na Scarlets ar 63 phointe ach tá na hUltaigh sa chúigiú háit. Cuidíonn bua ag na Scarlets leo fanacht sa cheathrú háit ar an tábla ach ag súil go mbuafaidh na Ospreys as baile. Cluiche crua ag Cúige Chonnacht sa bhaile in éadan Chúige Laighean atá ar bharr an tábla agus le Cúige Chonnacht ocht bpointe taobh thiar de Ghlaschú anois sa séú háit ar an tábla, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an rás rite dóibh chun a bheith i gCraobh na hEorpa an bhliain seo chugainn in 2018. Ba chóir go bhfanfadh Cúige Laighean sa chéad áit tar éis an deiridh seachtaine.

 ??  ?? Iomaíocht: an Mhumhain in aghaidh Ghlaschú an tseachtain seo caite agus, thíos, Francis Saili ag ceiliúradh an bhua
Iomaíocht: an Mhumhain in aghaidh Ghlaschú an tseachtain seo caite agus, thíos, Francis Saili ag ceiliúradh an bhua

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland