Irish Independent - Seachtain

Go maire an Uirlis Rúnda an céad

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Imreoir peile nó caide ó Chiarraí is ea Colm Cúipéir. Rugadh agus tógadh é i gCill Airne ach bhí nasc ag an gclann le ceantar Ghleann Fleisce. Thit cáil ar a phearsain go luath ina shaol imeartha, saol a tháinig chun críche seachtain ó shin ó thaobh imeartha idirchonta­e de.

I rith na seachtaine atá thart táimse deimhin de gur labhraíodh níos mó focla molta ina leith go príobháide­ach nó ar raidió agus teilifís agus gur cláraíodh rabharta focla ar phár ó cheann ceann na tíre ná mar a deineadh faoi aon phearsain spóirt eile a mhair sa tír seo i mo chuimhne.

Cén fáth gurb é sin an toradh a bhí ar ráiteas simplí uaidh go raibh cinneadh déanta aige slán d’fhágaint le peil idirchonta­e, béas a bhí aige ó lár na bliana 2002 nuair chuaigh sé chun páirce in aghaidh Luimnigh ar bhóthar Chraobh na Mumhan?

Pé chúis a bhí leis, réab an scéal ‘tríd an spéir ina ghealt’ mar a dúirt an file Seán Ó Ríordáin i gcás eile ná raibh aon bhaint aige le peil tráth.

Gan mórán moille brúdh cúrsaí reatha agus Brexit as a n-ionaid seascair gan dua mar ábhar cainte a bhí tarraingte­ach don bpobal fairsing a bhí sa scéal gan choinne ó Cholm féin.

Is cuimhin liom go maith an chéad uair gur chuala trácht ar fhear óg Chill Airne. Casadh bainisteoi­r peile Chiarraí ag an am, Páidí Ó Sé, orm, go ndéana Dia trócaire ar a anam. Chaitheama­r seal ag cur agus ag cúiteamh faoi pheil agus imreoirí gan dul ró-dhoimhin in aon chás.

Ansin go hobann le meidhir sonais ar ghnúis Pháidí chuir sé in iúl dom go raibh ‘Uirlis Rúnda’ aimsithe aige don mbliain a bhí roimhe — 2002. Níor luaigh sé aon ainm agus níor bhacas le tochailt mar go raibh sé luath a dhóthain sa bhliain go fóill.

Ní fada áfach go raibh ainm na ‘hUirlise Rúnda’ i mbéalaibh an phobail. Ba léir domsa láithreach ná raibh aon rian den áiféis ag baint le léamh Pháidí ar Cholm, an laoch úrnua a sheol sé chun páirce in aghaidh Luimnigh ina chéad chluiche sa chomórtas do Chraobh na Mumhan.

Chuireas aithne ar Cholm go gairid ina dhiaidh sin agus gan amhras ar bith áirím é mar scoth-imreoir peile den gcéim is airde atá ann.

Tá scileanna uilig na peile go foirfe aige agus creideann sé go daingean sa teoiric gur chóir an pheil d’imirt de réir na rialacha.

Oibríonn sé go dícheallac­h agus is imreoir foirne go smior é. Ach thar aon ghné eile tá cumas scórála ag baint leis aon uair go bhfuil fiú leathshean­s i gceist — agus maidir le comhimirt, ní fhaca éinne a bhí chomh beacht agus tráthúil leis i mbun pasanna as ar shil scóranna.

Gan amhras beidh comparáid á dhéanamh idir bromaigh óga na linne agus Colm Cróga Chill Airne. Go maire sé an céad.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland