Corcaigh chun cinn
Déarfainn go bhfuil go leor de na tacadóirí neodracha i bpeil na mban den tuairim go mba chóir go mbeadh sé seo ina chluiche ceannais ach feicfimid blaiseadh mór na craoibhe Dé Sathairn nuair a chasfaidh Corcaigh agus Áth Cliath ar a chéile i gcluiche leathcheannais na Sraithe i Roinn a hAon.
Níl taithí mhaith ag Áth Cliath i gcoinne Chorcaí i ngrád na sinsear. Le trí bliana anuas thit a bhfeachtas as a chéile i gcoinne na mban dearg i bPáirc an Chrócaigh ar an lá is mó i bhféilire na mban.
Buachan
D’imir siad in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais na sraithe trí bliana ó shin, le Corcaigh ag teacht amach chun cinn ar an lá sin fosta. Fiú níos luaithe sa tsraith, d’éirigh le Corcaigh buachaint 2-11 le 1-8 Peil na mBan, cluichí leathcheannais Shraith Lidl Áth Cliath v Chorcaí, Dé Sathairn, Páirc Uí Nualláin @15.15 Dún na nGall v na Gaillimhe, Dé Domhnaigh, Páirc Markievicz @14.00 ar Áth Cliath. Cé go bhfuil Deirdre O’Reilly tar éis éirí as Corcaigh, is mór an spreagadh é dóibh go bhfuil leithéidí Bhríd Stack agus Briege Corkery ar ais arís leo ar feadh bliain eile ar a laghad. Chaill Corcaigh dhá chluiche sa tsraith i mbliana in éadan Ard Mhacha, atá dícháilithe anois ó Roinn a hAon, agus in aghaidh Dhún na nGall sa bhabhta dheireanach den tsraith. Chaill Áth Cliath ceann eile sa bhreis, sin i gcoinne Mhaigh Eo agus Ard Mhacha chomh maith leis an cheann in aghaidh Chorcaí. Tá bainisteoir nua ag Áth Cliath i mbliana, Mick Bohan (ar chlé), agus beidh le feiceáil an sáróidh siad Corcaigh ar deireadh faoina stiúir.