Irish Independent - Seachtain

Arlene le moladh as céim mhór chun cinn a ghlacadh

-

Bhíos ag féachaint ar an nuacht an tráthnóna eile ar RTÉ agus cé a bhí romham ach Arlene Foster, ceannaire an DUP. Cheapas ar dtús go raibh scéal ann fén Acht Teanga ó thuaidh agus go rabhamar chun taobh Arlene a fháil — ach bhíos mícheart.

Thug Arlene cuairt ar chainteoir­í Gaeilge i gContae an Dúin, ar mheánscoil in Iúr Cinn Trá. Is dóigh liom gur céim ana-dhearfach a bhí ann agus céim mhór chun cinn. Conas céim mhór chun cinn, a deir tú?

Bhuel, uaireanta sa saol seo caithfidh tú rud a dhéanamh agus b’fhéidir nach mbeadh fonn ort é a dhéanamh, ach nuair a bhíonn sé thart, ní hé go bhfuil áthas ort go bhfuil sé thart ach go bhfuil tú sásta go ndearna tú é!

Is dóigh liom go mbraithean­n Arlene Foster mar sin.

Nuair nach bhfuil fonn ar dhá thaobh a chéile a thuiscint cruthaíonn sé méid oilc inár gcinn féin don rud ar fad.

Ba dheas liom fáil amach cad a bhí i gceann Arlene agus an lucht eagraithe roimh an ócáid. Ó bheith ag féachaint ar an teilifís bhí sé soiléir go raibh na mná a chuir fáilte roimpi ana-shásta go raibh sí tar éis teacht agus bhí sé níos soiléire go raibh Arlene Foster ar a compord ann agus chomh héasca agus a bhí an rud ar fad.

Lean an píosa nuachta ar aghaidh agus dúirt go raibh cuireadh fachta aici dul go cúpla Gaelscoil agus go raibh diúltaithe

aici, tagann ‘de réir a chéile’ agus

‘caisleáin’ chugam ag an bpointe seo!

Pé scéal é tá daoine á léamh seo agus iad ag rá gur cleas polaitíoch­ta a bhí ann agus ní chaithfeá a bheith i do ‘hac’ nuachta chun é sin a bhrath. Níl aon dabht ann go raibh sórt brú uirthi rud éigin mar seo a dhéanamh — agus taobh thiar don gcleas polaitíoch­ta agus sin ar fad is dóigh liom go raibh maitheas ann agus go gcaithfimi­d an mhaitheas sin a aithint.

Ní raibh Jim Allister ón TUV i bhfad ag sá lapa isteach sa scéal ag rá go raibh sí náireach — bhí a fhios ag gach éinne ansin go raibh an ceart aici!

Cúpla lá ina dhiaidh sin bhí rudaí ina gceart aríst nuair a chonaic mé pictiúr de Arlene le captaen Rangers Lee Wallace (ar chlé)! Ní raibh an scéal sin ach imithe nuair a bhí Arlene na Gaelainne sa nuacht aríst, an uair seo go hindíreach. Bhí Tommy Tiernan ar BBC Foyle agus tharraing sé Arlene isteach sa scéal ag caint uirthi mar fheirmeoir agus í ag seoladh na mbó ag tabhairt ‘Fenians’ seachas ‘Friesians’ orthu agus cheapas go raibh sé seo ana-bharúil. Gan dabht ní raibh daoine áirithe sa DUP sásta agus bhí ar an BBC leithscéal a ghabháil faoin rud ar fad. Níl aon dabht ann ach nuair a thosnaíonn Arlene Bean Fhostair leis na ceachtanna Gaelainne, is é Bleán na Bó le Tomás Mac Eoin an chéad amhrán a bheidh á fhoghlaim aici!

Níl aon dabht ann go raibh sórt brú uirthi, ach is dóigh liom go raibh maitheas ann agus go gcaithfimi­d an mhaitheas sin a aithint

 ??  ?? Fáilte Ghaelach: Ceannaire an DUP Arlene Foster in éineacht le múinteoirí i gContae an Dúin, áit ar bhuail sí le daltaí atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge
Fáilte Ghaelach: Ceannaire an DUP Arlene Foster in éineacht le múinteoirí i gContae an Dúin, áit ar bhuail sí le daltaí atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland