Irish Independent - Seachtain

Na mílte Gael ag dul go Béal Feirste arís

- Le Katie McGreal

Tá lucht na Gaeilge ó thuaidh ag impí ar Ghaeil ar fud na hÉireann freastal ar mhórshiúl náisiúnta ar son cearta teanga Dé Sathairn, an 20 Bealtaine i mBéal Feirste.

Buailfidh na sluaite le chéile ar Bhóthar na bhFál ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag 1in agus siúlfaidh siad go Halla na Cathrach. Tá busanna eagraithe cheana féin ón gCarn i gContae Dhoire, an Ómaigh, Baile Átha Cliath, Muineachán, Gaillimh agus Corcaigh — agus tá tuilleadh go fóill le heagrú.

Tá an grúpa an Dream Dearg ag eagrú an mhórshiúil le brú a chur ar na páirtithe polaitiúla atá go fóill i mbun cainteanna ó thuaidh Acht Gaeilge a thabhairt do Ghaeilgeoi­rí na Sé Chontae.

Fanacht

Gealladh os cionn deich mbliana ó shin i gComhaontú Chill Rímhinn go mbeadh Acht Gaeilge ann ach táthar go fóill ag fanacht.

D’eascair an Dream Dearg ón ngrúpa a d’eagraigh an mórshiúl ar tugadh an Lá Dearg air i mBéal Feirste in 2014 — agus tháinig sin féin as an bhfeachtas ‘Dearg le Fearg’ mar gheall ar easpa cearta teanga go náisiúnta.

Tá lucht eagraithe mhórshiúl na bliana seo ag súil le hagóid níos mó ná mar a bhí ann trí bliana ó shin, nuair a shiúil cúpla míle duine an treo céanna sa chathair.

Tá Acht Gaeilge agus an Ghaeilge go mór i mbéal an phobail faoi láthair leis na cainteanna atá go fóill ag dul ar aghaidh idir na páirtithe in Stormont.

Chas Arlene Foster, ceannaire pháirtí an DUP, le Gaeil an tseachtain seo caite. Bhí sí ag labhairt le daltaí atá ag foghlaim na Gaeilge i Scoil Ghramadaí na Maighdine Muire in Iúr Cinn Trá, Contae an Dúin, agus chas sí le lucht Chonradh na Gaeilge freisin.

Bhí lucht an Chonartha sásta leis an gcruinniú go ginearálta ach dar leo go gcaithfear leanúint leis an mbrú lena chinntiú go dtiocfaidh Acht Gaeilge.

Machnamh

“Creidim go bhfuair muid éisteacht mhaith agus tá muid ag súil go dtacóidh an DUP leis an Acht Gaeilge i ndiaidh machnamh a dhéanamh ar an méid ar phléigh muid leo,” a dúirt an Dochtúir Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Agus dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, a bhuail le Foster: “Dúirt siad go nglacann an DUP leis go mbeidh reachtaíoc­ht ann don Ghaeilge ach díospóirea­cht thréan ann faoin chuma a bheidh ar an reachtaíoc­ht sin.

“Creideann muid go bhfuil am na díospóirea­chta thart agus táimid in am don ghníomh. Cabhróidh an mórshiúl le tuilleadh brú a chur orthu.”

Tá tuilleadh eolais faoin mórshiúil ar fáil ar an leathanach Facebook atá ag an Dream Dearg nó trí ríomhphost a chur go andreamdea­rg@gmail.com. Má tá spéis agat bus a eagrú ó do cheantar féin cuirfear fáilte romhat.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland