Na Réaltchomharthaí
An tUisceadóir
Ná bíodh leisce ort cabhair a lorg. Is deas a bheith neamhspléach ach is deacair gach rud a dhéanamh i d’aonar. Faigh comhairle agus bailigh meitheal! Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!
An Cúpla
Tá an-obair ar siúl agat. Tá do sheacht ndícheall á ndéanamh agat agus tá torthaí na hoibre sin le feiceáil. Comhghairdeas leat! Is leor ó Mhór a dícheall!
An Mheá
Éirigh as an maíomh. Ní gá a rá leis an domhan cé chomh hiontach is atá do shaol agus na rudaí atá agat. Ní theastaíonn ó gachduineésin a chloisteáil! Is binn béal ina thost.
An tIasc
Má theipeann ort pleanáil cheart a dhéanamh, is cinnte go dteipfidh dophlean! Ullmhaigh tú féin; déan liosta más gá agus éireoidh go geal leat. Tús maith leath na hoibre!
An Portán
Is deas go bhfuil tú cainteach agus nach bhfuil leisce ort do chuid tuairimí a roinnt! Ach uaireanta bíonn tú béalscaoilte. Bí cúramach! Isminica bhrisbéal duine a shrón!
An Scairp
B’fhéidir go bhfuil sé in am agat sos a thógáil ó na gníomhaíochtaí iarscoile ar feadh tréimhse. Níl tú in ann a lán ama a chaitheamh sabhaile. Cuimhnigh - níl aon tinteán mar do thinteán féin.
An Reithe
Is cuma cad a cheapann daoine eile. Is gá do rud féin a dhéanamh uaireanta agus b’fhéidir cinneadh neamhghnách a dhéanamh. Ná bí cúthail! Ní bheidh do leithéid arís ann!
An Leon
Tá do ghrá geal aimsithe agat. Nach méanar duit! Tá do chroí éadrom agus bíonn do shúile ag glioscarnach nuair a luann tú do stóirín! Níl leigheas ar an ngrá ach pósadh! Ach cuimhnigh - ní féasta go rósta; ní céasadh go pósta!
An Saighdeoir
Aire duit! Tá duine éigin do do chur amú. Seachain é/í! Ná roghnaigh an bóthar mícheart ag an ngabhlóg! Is fada an bóthar nach mbíonn casadh ann!
An Tarbh
Tá sé tabháchtach a bheith ag obair go dian díograiseach. Is mar sin a éireoidh leat sa saol. Ach caithfear am sosa agus am scíthe a bheith agat freisin do do chorp agus do d’ intinn. Is fearr an tsláinte ná na táinte.
An Mhaighdean
Gabh buíochas as ucht an méid atá agat faoi láthair. Ní gá a bheith ag lorg breise an t-am ar fad. Úsáid na rudaí atá agat cheana féin go héifeachtach. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.
An Gabhar
Fan, fan, fan! Cén deifir atá ort? Tóg an saol go deas réidh. Caithfidh tú foighne a bheith agat agus réiteofar gach rud duit. Is mór é luach na foighne!