Is í an fhéinmhuinín an tréith is tábhachtaí
Cuirtear barraíocht béime ar do chorp agus íomhá inniu — ach is fearr glacadh leis na lochtanna ar fad, a deir
Tá ceallailít orm ar mo ghlúin. Cá bhfios go bhféadfadh sé seo tarlú fiú? Bíonn alcólaigh ag caint faoi “rock bottom” a shroichint. An lá san gur thugas an ghlúin cheallailíte faoi deara, sin an lá gur shroich mé an bun. Ó a Thiarna, bí ceansa agus déan trócaire orm ach táim in áit dhorcha!
N’fheadar an gcífidh mé an solas go deo. Ní féidir dul níos ísle ná an áit seo. Seo ceann de na buntáistí eile a bhaineann le dul in aois is léir. Cuirim an milleán ar go leor rudaí uaireanta.
Shorcha, is léir go bhfuil fadhb agat le do mheitibileacht, bheadh sé mímhúinte gan milseog a ordú, bhí lá fíochmhar cruaidh agat tá an císte san tuillte agat.
Nuair a bhuaileann an radharc díom féin i m’fho-éadaí mé, is tromchúiseach go leor an íomhá é. Tógaim níos mó faoisimh anois ó na hirisí amaideacha san agus iad ag caitheamh anuas ar dhuine cáiliúil éigin.
Bíonn siad náireach i ndáiríre. “Féach cé atá ag fáil bum lift!”, léim an ceannteideal amach dom féin agus mé i dTesco an lá deireanach. In ionad an talamh ard a thógaint agus siúl díreach thar an bhfoilseachán raiméiseach seo, phiocas suas é. Bhí dualgas orm é a léamh agus mé ag smaoineamh: Íosa, Shorcha, b’fhéidir go mbeidh tusa ag lorg “bum lift” go luath, b’fhearrde dhuit an t-alt seo a léamh — taighde a bheidh ann.
Is saghas fáinne fí é — de réir mar a théann mo chorp as riocht is mó a sháim siar mo scornach. Is mó a sháim siar mo scornach is measa atá mo chorp dá bharr.
An caighdeán den chonamar a chuirim isteach i mo bhéal freisin, tá sé tar éis sleamhnú. Tráth den saol dá gcífinn duine ag tabhairt faoi na “Haribos” thosnóinn ag déanamh saghas breithiúnais inmheánaigh orthu.
Ní focail dheasa a bhí á rá agam. Anois tá dúil mór agam sna Haribos, milseáin atá déanta as siúcra agus ceimiceáin go bunúsach. Táim meallta ag an gcuma pháistiúil shoineanta a bhíonn orthu. Ní orm atá an locht i ndáiríre, ach ar an dream margaíochta. Bíonn an táirge dírithe ar dhaoine leochaileacha laga. Deirtear go lasann na háiteanna céanna suas i d’inchinn do shiúcra is a dhéanann do dhrugaí. N’fheadar sa todhchaí an gcruthóidh siad saghas lárionad cóireála, nó clinic mar a bhíonn acu do dhaoine ar hearóin? Áit gur féidir leat dul chun tú fhéin a scoitheadh ón tsiúcra. Áit go laghdaíonn siad an siúcra a fhaigheann tú lá i ndiaidh lae. Tá mé ag iarraidh an lá a shamhlú go bhfuilim laghdaithe síos go dtí ubh friochta agus buidéal cola amháin. A Thiarna, bheadh an lá san milis, i ngach slí. Faoi láthair d’fhéadfainn deich bpaicéad bheaga Haribos a ithe gan stopadh chun análú. Níl aon chothromaíocht ag baint le mo chaidreamh le bia. Táimid ag maireachtaint in aois faoi láthair go bhfuil an-bhéim ar chúrsaí íomhá. Nuair a bhíonn tú ag siúl amach le duine, ag tús aon chaidrimh, tosnaíonn gach duine ag cur liosta le chéile ina cheann. Is saghas liosta intinneach é de na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis an duine mar pháirtnéir. Pros agus cons mar a thugann siad ar as Béarla. Cúrsaí íomhá — i gcónaí téann sé ar an liosta. Seo liosta samplach: Pro: tá post maith aige. Con: níl sé flaithiúil. Pro: tá féinmhuinín mhaith aige. Con: tá sé an-chóngarach dá mháthair.
Pro: tá corp maith aige. Con: ach níl an aghaidh ró-mhaith. Pro: tá gruaig dheas aige. Con: níl a chuid fiacla iontach. Pro: tá sé cliste. Con: tá sé 45. Pro: beidh mise níos óige ná é, i gcónaí.
Bíonn gach duine ag iarraidh an saghas margaidh is fearr a fháil, an “deal” is fearr chun páirtnéir fadtéarmach a ghnóthú. Gan amhras bíonn cur chuige difriúil ag gach duine ach d’fhormhór na ndaoine, is iad aois, pearsantacht, post agus cuma fhisiciúil na cúinsí is mó.
Tá sé ar nós an stocmhalartáin, téann do chuid stoc suas agus síos, mar pháirtí. N’fheadar cén luach atá ar mo stoc faoi láthair nó cén saghas liosta a dhéanfadh fear fúm. Pro: post maith, con: ró-ard, pro: pearsantacht dheas, con: 32, críonna le haghaidh mná, pro: fiacla deasa, con: is andúileach Haribo í. Pro: tá sí cliste, con: tá glúin cheallailíte aici. Measaim gur con an-mhór a bheadh sa ghlúin cheallailíte.
Ag déanamh breithiúnais bunaithe go hiomlán ar íomhá fhisiciúil, bíonn go leor faoi spiorad, croí, meabhair, pearsantacht agus scéal an duine ná cuirtear san áireamh. Bíonn sé deacair glacadh le do chorp má mheasann tú nach bhfuil sé deas ach caithfear teacht go pointe síochánta i d’inchinn. I mo thuairim, pro ollmhór eile atá ar an liosta ná: muinín. Duine le féinmhuinín shláintiúil, is tréith ana-tharraingteach é seo. Ag leanúint na loighce seo trí ghlacadh le mo ghlúin cheallailíte agus níos mó féinmhuiníne a chothú, ardóidh mo stoc. B’fhéidir gur deasmaoineamh atá ann. Ó thaobh na handúile Haribo, beidh orm duine a fháil atá sásta siúl amach le handúileach. B’fhéidir go bhféadfainn mo scéal mar gheall ar an nglúin cheallailíte a dhíol le nuachtán. Íocfaidh sé sin as an gcomhairleoir nó traenálaí pearsanta atáim chun a fhostú. Glúin cheallailíte agus mo chaidreamh casta le Haribos, scéal scannalach an andúiligh! Tá teideal an ailt agam cheana féin. Idir an dá linn, beidh orm obair intinneach a dhéanamh. Caithfidh mé an comhrá inmheánach a athrú. Tá dualgas orm tosnú ag ceiliúradh mo choirp in ionad é a cháineadh. Chun grá a mhealladh caithfear féinghrá a thaispeáint. Muna nglacann tú leat féin, cinnte ní ghlacfaidh éinne eile leat.
Táimid ag maireachtaint in aois faoi láthair go bhfuil an-bhéim ar chúrsaí íomhá Tá dualgas orm tosnú ag ceiliúradh mo choirp in ionad é a cháineadh