Imreoirí nua, gan aon laigí ag Corcaigh
Blaiseadh na craoibhe TG4 i bPeil na mBan atá ag druidim linn ach roimhe sin, feicfear iomaíocht ghéar i bPáirc Parnell Dé Domhnaigh le cluichí ceannais Shraith Lidl i Roinn a Dó agus Roinn a 1.
Imíonn na daoine ach fanann na cnoic a deir an seanfhocal nó sa chás seo, imíonn na daoine ach fanann peileadóirí na mban as Corcaigh.
Den deichiú bliain as a chéile, beidh siad sa bhabhta ceannais i gcomórtas na sraithe i Roinn a hAon. Níor chaill siad ach uair amháin ó 2008 agus sin in aghaidh Mhuineacháin in 2012 agus iad ag lorg a gcúigiú teideal as a chéile Dé Domhnaigh.
Cumas
Léirigh siad a gcumas nuair a bhuaigh siad 1-16 le 0-13 sa bhabhta leathcheannais ar Áth Cliath, le Orla Finn agus Eimear Scally ag aimsiú 1-10 eatarthu.
Foireann eisceachtúil is ea iad agus cé go bhfuil imreoirí ar nós Dheirdre O’Reilly tar éis éirí as ó anuraidh, tá imreoirí nua tagtha chun cinn le Emma Spillane, Melissa Duggan agus Niamh Cotter mar shampla ag cur a n-ainmneacha sa hata don samhradh.
Ní bheidh captaen na foirne Ciara O’Sullivan ar fáil don chluiche seo agus is buille mór é sin. Thosaigh Bríd Stack a céad chluiche i mbliana sa bhabhta leathcheannais le Annie Walsh ag teacht isteach mar ionadaí. Le leithéidí Dhoireann O’Sullivan, Rhona Ní Bhuachalla agus Orlagh Farmer ar an bhinse, níl easpa rogha ag Ephie Fitzgerald.
Chroch Dún na nGall comórtas na sraithe i Roinn a Dó leo anuraidh agus iad sa bhabhta ceannais i Roinn a hAon den chéad uair. Bua furasta a bhí acu i Peil na mBan, Sraith Náisiúnta Lidl Cluiche Ceannais Roinn a Dó An Cabhán v na hIarmhí, Dé Domhnaigh, Páirc Parnell @2.00 Cluiche Ceannais Roinn a hAon Corcaigh v Dhún na nGall, Dé Domhnaigh, Páirc Parnell @16.00 Beo ar TG4 gcoinne na Gaillimhe sa chluiche leathcheannais, 5-11 le 1-7 an scór deiridh.
Is dócha gurb é an staitistic is mó a sheasann amach ón chluiche sin ná gur aimsigh Geraldine McLouglin agus Yvonne McMonagle 5-8 eatarthu. Bí cinnte nach bhfaighidh siad an soláthar liathróide agus a fuair siad go dtí seo.
Difriúil
Cé go bhfuair siad 3-10 eatarthu arís i mbabhta a seacht i gcoinne Chorcaí, beidh cluiche iomlán difriúil ann an uair seo. I Roinn a Dó, beidh an Cabhán agus an Iarmhí in adharca a chéile ag a dó a chlog. Chaill an Iarmhí in éadan Dhún na nGall sa chluiche ceannais anuraidh agus bhuail siad Laois sa bhabhta leathcheannais 2-17 le 1-10. Bhí an Cabhán ró-láidir don Chlár sa bhabhta leathcheannais eile ag buachaint 3-16 le 0-11. Craolfar an dá chluiche beo ar TG4 ag toiseacht ag 1.55in.